Léim go dtí an príomhábhar

Fianáin

Fianáin

Príobháideacht

Tugann An Bord Pleanála urraim do chearta a húsáideoirí agus ní bhailíonn sí, mar riail ghinearálta, faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Sa chás go soláthraíonn úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé úsáidfear na sonraí chun críche taighde nó anailíse amháin.

Maidir le brabhsáil ghinearálta ar an suíomh ní thaispeántar faisnéis phearsanta ar bith dúinn, cé go bhfuil roinnt sonraí staitistiúla áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín.

Fianáin

Úsáidtear teicneolaíocht “fianán” ar an suíomh gréasáin seo. Comhaid bheaga sonraí is ea iad fianáin a chuirtear ar do ríomhaire, d’fhón póca nó ar ghaireas ar bith eile nuair a bhíonn tú ag brabhsáil ar líne.

Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta ar bith i bhfianáin ónar féidir tú a aithint, mura thug tú faisnéis dá leithéid don suíomh gréasáin.

Le formhór na mbrabhsálaithe is féidir leat na fianáin a chasadh as nó do shocruithe a shaincheapadh le haghaidh fianán. Chun an dóigh leis sin a dhéanamh a fháil amach, féach an roghchlár “Help” ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara le do thoil má chasann tú na fianáin as nó má athraíonn tú do shocruithe, go bhféadfadh sé nach n-oibreodh cuid de na gnéithe ar an suíomh gréasáin seo mar is ceart.

Úsáid Fianán agus Google Analytics

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíseach gréasán a sholáthraíonn Google, Inc. ("Google"). Úsáideann Google Analytics “fianáin”, ar chomhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghintear leis an bhfianán faoi d’úsáid as an suíomh gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google agus déanann Google í a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar d’úsáid as an suíomh gréasáin, agus tiomsóidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíocht an tsuímh ghréasáin d’oibreoirí suíomh gréasáin agus soláthróidh sé seirbhísí i dtaca le gníomhaíocht suíomh gréasáin eile agus úsáid as an idirlíon. Lena chois sin, féadfaidh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a cheanglaítear amhlaidh a dhéanamh faoin dlí, nó nuair a phróiseálann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis sin thar ceann Google.

Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le sonraí ar bith eile a choimeádann Google. Féadfaidh tú úsáid na bhfianán a dhiúltú trí na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a roghnú, ach tabhair faoi deara le do thoil má dhéanann tú é sin go bhféadfadh sé nach mbeifeá ábalta feidhmiúlacht iomlán an tsuímh ghréasáin seo a úsáid. Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, tugann tú cead do Google na sonraí fút a phróiseáil ar an mbealach agus chun na críocha atá leagtha amach thuas.

Tuilleadh eolais ar Úsáid as fianáin Google Analytics (i mBéarla amháin)

Faigh tuilleadh eolais faoi Fhorlíontán Brabhsálaí Rogha an Diúltaithe Google Analytics (i mBéarla amháin)

Sonraí Teagmhála

Rialaitheoir Sonraí:
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: bord@pleanala.ie

Oifigeach Cosanta Sonraí:
Oifigeach Riaracháin Shinsearach
Cumarsáide / Bainistíocht Saoráidí Comhshaoil
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: bord@pleanala.ie

Oifigeach um Chomhlíonadh:
Príomhoifigeach
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: bord@pleanala.ie