Léim go dtí an príomhábhar

Inrochtaineacht

Inrochtaineacht sa Choimisiún Pleanála

Ráiteas ar Inrochtaine

Geallann An Coimisiún Pleanála ár seirbhísí a chur ar fáil don uile dhuine agus ár bhfreagrachtaí faoin Acht Míchumais 2005 a chomhlíonadh. Áirítear air seo:

  • Teacht a thabhairt ar ár bhfoirgneamh agus ar ionaid sheachtracha mar a mbíonn cruinnithe agus éisteachtaí ó bhéal againn.
  • Teacht a thabhairt ar ár seirbhísí.
  • Teacht a thabhairt ar sheirbhísí agus earraí a chuirtear ar fáil dúinn.
  • Teacht a thabhairt ar eolas a chuireann An Coimisiún Pleanála ar fáil.

Oifigeach Rochtana & Oifigeach Fiosrúcháin

Cabhróidh ár nOifigeach Rochtana leat le ceisteanna agus iarratais rochtana. Our  can help you with access queries and requests.

Má chreideann tú gur theip ar An gCoimisiún Pleanála an tAcht Míchumais a chomhlíonadh, féadfaidh tú glaoch ar an Oifigeach Fiosrúcháin.

Ag Freastal ar Imeachtaí 

Cuir scéala chugainn a luaithe is féidir sula dtugann tú cuairt ar An gCoimisiún Pleanála má tá riachtanais so-rochtaineachta agatsa nó ag duine ar bith i do ghrúpa. Is féidir go dtógfaidh sé tamall orainn iarratais mar sin a chomhlíonadh i gcás imeachtaí áirithe. Mar sin iarraimid ort an oiread fógra agus is féidir a thabhairt dúinn agus scríobh chugainn roimh an spriocdháta atá luaite san fhógra.

 
Acmhainní & Formáidí Éagsúla

Leabhrán Eolais: [PDF] Download Eolais Réamhchuairte
Eolas ar fáil ar an tslí le dul chuig ár n-oifig, inár n-ionad fáiltithe agus sna seomraí cruinnithe.

Is féidir linn eolas a chur ar fáil i bhformáidí éagsúla eile.

Inrochtaineacht an Láithreáin Ghréasáin

tá rogha agat idir cineálacha éagsúla taispeána. Ag barr gach leathanaigh is féidir leat méideanna éagsúla téacs a roghnú agus tá BrowseAloud ar fáil, leis.

Oibrímid i gcónaí chun an teacht ar ár suíomh gréasáin agus seirbhísí agus a inúsáidte atá siad a mhéadú. Ba mhaith leis An gCoimisiún Pleanála cloí leis na treoirlínte agus caighdeáin ghlactha maidir le teacht a thabhairt cé go bhféadfadh sé go mbeadh ócáidí ann nuair nach mbíonn sé indéanta ná cuí teacht a thabhairt. Más amhlaidh, cuirfimid scéala chugat agus tairgfimid deiseanna malartacha eile duit, más féidir.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Faisnéis do chuairteoirí: An Coimisiún Pleanála [PDF]