Léim go dtí an príomhábhar

Príobháideacht agus Cosaint Sonraí

Cosaint Sonraí

Cuirtear an fógra cosanta sonraí seo ar fáil chun oibleagáidí an Bhoird Pleanála faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh, a thagann i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Ceanglaíonn an rialachán cuntasacht agus trédhearcacht níos mó ó eagraíochtaí ar nós na heagraíochta seo maidir le do shonraí pearsanta, agus tugann sé smacht níos mó duitse ar an tslí a n-úsáidimid iad.

Gabhann cearta suntasacha ar do thaobhsa agus freagrachtaí suntasacha ar ár dtaobhna le heolas sonraí pearsanta a sholáthar agus a choinneáil (sonraí íogair pearsanta, mar shampla sonraí maidir le cúrsaí sláinte san áireamh).

Ní úsáideann An Bord Pleanála do shonraí pearsanta ach amháin chun ár seirbhís a sholáthar agus ár ndualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach faoin reachtaíocht ábhartha.

Tabhair ar aird, go háirithe, i dtaca le haighneachtaí áirithe (m.sh. forbairtí beartaithe bóthair) agus (cásanna tarchuir agus aighneachtaí gaolmhara), go bhfuil ceangal dlíthiúil ar an mBord Pleanála na haighneachtaí seo a fhoilsiú ina n-iomláine ar a suíomh gréasáin, agus go bhfoilseofar ina n-iomláine aon sonraí pearsanta (sonraí pearsanta íogair san áireamh) atá sna haighneachtaí seo, ach amháin sonraí teagmhála.

Mínítear inár mBeartas Cosanta Sonraí an tslí agus an uair a bhailímid sonraí fút, an chúis atá leis agus an tslí a gcaitear leis na sonraí sin. Mínítear ann leis do chearta i dtaca le bailiú eolais phearsanta agus an tslí ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.

Le tuilleadh eolas ar Fhógra Cosanta Sonraí an Bhoird Pleanála, cliceáil anseo.

Is féidir tuilleadh eolas ar an ábhar seo a aimsiú ar an suíomh gréasáin seo: www.dataprotection.ie/ga.

Iúil 2020

 

Ráiteas Príobháideachais

Ní chuirfear faisnéis phearsanta, a chuirtear ar fáil don Bhord Pleanála, ar fáil do thríú páirtithe agus ní úsáidfear í ar bhealaí nach bhfuil ar aon dul le soláthar faisnéise a bhaineann leis an mBord Pleanála nó le feidhmeanna ginearálta an láithreáin ghréasáin.

De ghnáth beidh an comhad iomlán ar fáil faoi Scéim Rochtana Poiblí an Bhoird Phleanála trí lá tar éis chinneadh an cháis.

Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn le linn gnáthbhrabhsáil ar an nGréasán, cé go bhféadfadh faisnéis staitistiúil a bheith ar fáil dúinn ónár soláthraí seirbhíse Idirlín. D'fhéadfadh seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn barrleibhéil óna ndéanann tú rochtain ar an Idirlíon (m.sh. .ie, .com, srl), an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am a n-osclaíonn tú an suíomh agus an seoladh Idirlín a úsáidtear chun nascadh lenár suíomh.

Úsáidtear cuid den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú, trínar féidir linn líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheas, na leathanaigh is coitianta a osclaítear a aithint, srl.. Úsáidimid na staitisticí seo chun an suíomh a dhéanamh níos cairdiúla d'úsáideoirí.

Coimeádaimid againn féin an ceart an ráiteas seo a leasú uair ar bith amach anseo; déanfar aon athruithe a phostáil ar an leathanach seo.

 

Cosaint ar Víreas

Déanaimid gach iarracht ábhar a sheiceáil agus a thástáil ag gach céim den táirgeadh. Moltar duit i gcónaí ríomhchlár frithvíreas a rith ar gach ábhar a íoslódáiltear ón Idirlíon. Ní féidir linn aon fhreagracht a ghlacadh as aon chaillteanas, cur isteach nó damáiste do do shonraí nó do chóras ríomhaire a tharlódh agus ábhar a dhíorthaigh ón suíomh Gréasáin seo in úsáid agat.

 

Próiseas Clárúcháin

Nuair a chuirtear faisnéis phearsanta ar fáil don Bhord trínár bpróiseas clárúcháin ní chuirfear é seo ar fáil do thríú páirtithe agus ní úsáidfear í ar bhealaí nach bhfuil ar aon dul le soláthar faisnéise a bhaineann leis an mBord nó le feidhmeanna ginearálta an láithreáin ghréasáin.

 

Faisnéis faoi úsáid an láithreáin

Úsáideann an láithreán seo seirbhís Google Analytics de chuid Google, Inc. ('Google') a dhéanann anailís ar iompar lucht rochtana an láithreáin. Baineann Google Analytics leas as 'fianáin'. Is comhaid téacs iad seo a chuidíonn leis an bhfoireann gréasáin anailís a dhéanamh ar an leas a bhaineann daoine as an láithreán. Seolfaidh Google an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin gcaoi a úsáideann tú an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) go freastalaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá áit a dhéanfar í a stóráil. Bainfidh Google leas as an bhfaisnéis seo chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a úsáideann tú an láithreán gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú le haghaidh oibreoirí láithreán gréasáin faoi ghníomhaíocht láithreán gréasáin agus chun seirbhísí eile a chur ar fáil a bhaineann le gníomhaíochtaí láithreán gréasáin agus úsáid an Idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a chur ar fáil do thríú páirtithe má ordaíonn an dlí dóibh é sin a dhéanamh agus sa chás go ndéanann tríú páirtithe an fhaisnéis a phróiseáil thar cheann Google. Ní nascfaidh Google do sheoladh IP le sonraí eile ar bith atá ag Google. Féadfaidh tú cosc a chur le húsáid na bhfianán trí an socrú cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi ndeara le do thoil, nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithreáin seo a úsáid má dhéanann tú é sin. Má úsáideann tú an láithreán gréasáin seo tugann tú cead do Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi, agus chun na críocha, a leagtar amach thuas.

Níl faisnéis pearsanta fút sna fianáin agus ní féidir iad a úsáid chun aon úsáideoir faoi leith a aithint.

Sonraí Teagmhála

Rialaitheoir Sonraí:
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dataprotection@pleanala.ie

Oifigeach Cosanta Sonraí:
Oifigeach Riaracháin Shinsearach
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dpo@pleanala.ie

Oifigeach um Chomhlíonadh:
Príomhoifigeach
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dataprotection@pleanala.ie

 

Working with us

Duis ac enim non neque facilisis luctus. Duis faucibus sem eu magna faucibus, a accumsan felis egestas.


View Careers