Léim go dtí an príomhábhar

Gluais

A  B  C  D  E  F  G  I  L  M  N  R  S  T  U

 

A

Acht
Dlí atá achtaithe ag an Oireachtas (parlaimint) agus ceadaithe ag an Uachtarán.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000; Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt (leasaithe)
Acht den Oireachtas a achtaíodh in 2000 maidir le nithe a rialaíonn córas pleanála na hÉireann. Rinneadh codanna d’Acht 2000 a athrú nó a leasú le roinnt Achtanna eile. Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2020 a thugtar orthu seo in éineacht.

Achomharc
Athbhreithniú ar an gcinneadh bunaidh a rinne údarás pleanála ar iarratas pleanála.

Achomharc (rialú tógála)
Athbhreithniú ar an gcinneadh bunaidh ar iarratas a rinne údarás rialaithe tógála cead a dhiúltú nó cead a thabhairt faoi réir coinníollacha.

Achomharcóir
Duine aonair nó eagraíocht a dhéanann achomharc (Féach, leis, Céad Pháirtí, Tríú Páirtí).

Admháil
Admháil a eisíonn údarás pleanála duit le taispeáint go bhfuil aighneacht curtha agat chuig an údarás pleanála sin.

Aighneacht
Doiciméad maidir le hachomharc nó iarratas a bhféadfadh míreanna tacaíochta ar nós grianghraf, pleananna, líníochtaí agus treoir theicniúil a bheith san áireamh ann. (Is féidir doiciméad clóscríofa nó lámhscríofa a chur ar fáil.)

Ár
An Bord Pleanála.

Ar ais go barr

 

B

Bailí
Comhlíonann sé ceanglais uile an dlí agus na rialachán le go mbreithneodh an Bord mar chás é.

Bord
Bord an Bhoird Pleanála.

Breathnóir (Achomhairc)
Duine ar bith, taobh amuigh den iarratasóir nó den achomharcóir, a thráchtann ar achomharc (féach Tuairim, leis).

Breathnóir (Iarratais)
Duine ar bith, taobh amuigh den iarratasóir, a thráchtann ar iarratas (féach Tuairim, leis).

Ar ais go barr

 

C

Cead achomhairc
Ag iarraidh cead ar an mBord chun achomharc a dhéanamh nuair a chomhlíontar gach ceann de na ceithre chúis:

  1. Níor chuir tú aighneacht chuig an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála.
  2. Cheadaigh an t-údarás pleanála an t-iarratas pleanála sin. Athróidh coinníoll nó coinníollacha ag gabháil le deonú an cheada cuid den fhorbairt bheartaithe ón rud a bhí beartaithe a chéaduair san iarratas pleanála.
  3. De bharr coinníll nó coinníollacha atá ag gabháil leis an deonú ceada anois, beidh tionchar ar an bhforbairt bheartaithe anois ar thalamh:
    1. a bhfuil leas agat ann; agus
    2. atá tadhlach (taobh le nó ceangailte den) suíomh forbartha beartaithe.
  4. Is é an tionchar go bhféadfadh sé:
    1. cur isteach ar theachtadh na talún ar do thaobhsa
    2. luach na talún a bhfuil leas agat ann a laghdú,
    3. cur isteach ar theachtadh na talún ó do thaobhsa agus luach na talún a laghdú.

 

Céad pháirtí
An té a iarrann cead pleanála maidir le forbairt bheartaithe. (Féach Iarratasóir).

Ceadúnas
Cead chun rud éigin a dhéanamh.

Cigire
Ball den fhoireann theicniúil a dhéanann cigireachtaí suímh, a ullmhaíonn tuarascáil ar an gcás pleanála agus a dhéanann moladh don Bhord chun cead a thabhairt nó dhiúltú.

Coimeád
Cead pleanála le haghaidh forbairt atá déanta go páirteach nó go hiomlán.

Comhlacht forordaithe
Eagraíocht nó comhlacht atá sonraithe i rialacháin a rinne an tAire.

Crios forbartha straitéisí
Limistéar a ainmníonn an Rialtas a mbeartaítear forbairt a bhfuil tábhacht eacnamaíoch nó sóisialta léi don Stát a dhéanamh ann. Tar éis é a ainmniú, molann an t-údarás áitiúil dréachtscéim pleanála de réir a chéile d'fhorbairt an Chriosa Forbartha Straitéisigh. Is féidir dréachtscéimeanna pleanála a achomharc chuig an mBord Pleanála.

Ar ais go barr

 

D

Deimhniú sábháilteachta ó dhóiteáne
Deimhniú a dheonaíonn údarás rialaithe tógála lena ndeimhnítear go gcomhlíonfadh an foirgneamh, na hoibreacha nó an t-athrú úsáid, má thógtar é de réir na bpleananna, na ndoiciméad agus an eolais a cuireadh isteach chuig an údarás, riachtanais Chuid B den Dara Sceideal sna Rialacháin Tógála.

Deimhniú leasaithe sábháilteachta ó dhóiteán
Deimhniú a dheonaíonn údarás rialaithe tógála atá de dhíth i gcás:

  • iarratais ar dheimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a dhéantar sula ndeonaítear cead pleanála, faoin gcead dá éis, nó
  • i gcás ina ndéantar leasú suntasach ar an dearadh, ar na hoibreacha, ar an leathnú nó ar úsáid an fhoirgnimh dár deonaíodh deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán, agus
  • i gcás ina gceanglaíonn leasú faoin gcead pleanála (aon choinníoll atá i gceangal ina measc) go gcomhlíonfadh an dearadh leasaithe Cuid B de na rialacháin.

Deimhniú tabhairt chun rialtachta
Deimhniú a dheonaíonn údarás rialaithe tógála mar ar cuireadh tús nó deireadh le foirgneamh gan deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán, i gcás ina bhfuil gá lena leithéid de dheimhniú agus ina ndeimhnítear go gcomhlíonann an obair thógála Chuid B den Dara Sceideal do na Rialacháin Foirgníochta.

Dispeansáid (rialú tógála)
Díolmhaithe ó gnáthriachtanais na Rialachán Foirgníochta nó ní gá iad a leanúint.

Ar ais go barr

 

E

Éisteacht ó bhéal
Cruinniú is ea éisteacht ó bhéal chun gur féidir ceisteanna ábhatha i gcás a phlé agus a scrúdú.

Ar ais go barr

 

F

Fáil ar eolas ar an gcomhshaol (AIE)
Faoi na rialacháin maidir le Fáil ar Eolas ar an gComhshaol, is féidir le haon duine iarratas a chur chuig an mBord Pleanála ar fhaisnéis ar an gcomhshaol atá ag an mBord Pleanála nó ag duine eile ar son an Bhoird Pleanála.

Forbairt bonneagair straitéisigh (FBS)
Seoltar iarratais ar chead pleanála go díreach chuig an mBord Pleanála i gcás mórfhorbairtí bonneagair de chuid údaráis áitiúil, údaráis Stáit agus na hearnála príobháidí.

Forbairt straitéiseach tithíochta (FST)
Seoltar iarratais ar chead pleanála go díreach chuig an mBord Pleanála i gcás forbairtí áirithe tithíochta.

Fógra reachtúil
Eolas a cheanglaítear orainn faoin dlí a sheoladh chugat nó a chur ar fáil don phobal. Is féidir go n-inseodh fógra reachtúil rud éigin duit faoi chás. Nó is féidir:

  • go dtabharfadh sé deis duit do thuairim a thabhairt, nó
  • go n-iarrfadh sé ort nó go gceanglódh sé ort rud éigin a dhéanamh.

Mar shampla, is féidir go dtabharfadh sé deis duit do thuairim a thabhairt ar eolas atá faighte againn.

Fógrán
Clár mór in áit phoiblí, a ngreamaítear fógraí de.

Ar ais go barr

 

G

Gníomhaire
Duine a ghníomhaíonn ar do shon in achomharc, iarratas nó tarchur.

Ar ais go barr

 

I

Iarratasóir
Duine aonair nó eagraíocht a chuireann iarratas pleanála isteach chuig údarás pleanála. (Féach Céad Pháirtí).

Iarratasóir (rialú tógála)
Duine aonair nó eagraíocht a chuireann iarratas pleanála isteach chuig údarás pleanála.

Ar ais go barr  

L

Láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis
Suíomh atá liostaithe mar shuíomh atá tábhachtach don Chomhphobal Eorpach agus atá ar liosta ar ghlac an Coimisiún Eorpach leis faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

Láithreán Eorpach​
Limistéar atá ainmnithe nó a bheartaítear a ainmniú mar:

  • láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis,
  • limistéar faoi chaomhnú speisialta,
  • limistéar faoi chosaint speisialta.

Limistéar faoi chaomhnú speisialta
Láithreán atá ainmnithe mar limistéar speisialta caomhantais faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

Limistéar faoi chosaint speisialta​
Limistéar atá aicmithe mar limistéar speisialta faoin Treoir maidir le hÉin.

Ar ais go barr

 

M

Maolú (rialú tógála)
Laghdú nó maolú ar ghnáthcheanglais na Rialachán Tógála.

Measúnú Oiriúnachta
Scrúdú ar phlean nó ar thionscadal féachaint an mbeadh tionchar diúltach aige ar shuíomh atá faoi chosaint faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón AE. (Seo treoir faoin fhiadhúlra agus faoi chaomhnú an dúlra).

Muidne
An Bord Pleanála.

Ar ais go barr

 

N

Neamhbhailí
Ní chomhlíonann sé ceanglais uile an dlí agus na rialachán le go mbreithneoimis é.

Ar ais go barr

 

R

Ráiteas tionchair Natura (RTN)
Cáipéis a ullmhaíonn iarratasóir ina ndéantar measúnú ar an tionchar is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol.

Reachtúil
Rud éigin a shocraítear, a bhunaítear nó a rialaítear le dlí reachtach. Dlí a achtaíonn an pharlaimint is ea an dlí reachtach.

Riachtanais reachtúla
Ceanglais a theastaíonn faoin dlí maidir le:
• cás, tuairim, aighneacht nó iarraidh a bheith bailí, nó
• gníomh nó nós imeachta éigin le déanamh le linn cás a phróiseáil.

Riail an Deireadh Seachtaine
Más Satharn, Domhnach, lá saoire poiblí nó lá eile nuair a bhíonn an oifig dúnta an lá deiridh ar ar féidir linn glacadh le doiciméid, is féidir linn glacadh leo suas le 5.30 tráthnóna ar an gcéad lá oibre eile a mbíonn an oifig ar oscailt.

Rialacháin
Dlí nó rialacha a rinneadh faoi Acht nó uaireanta faoi ordú Aire Rialtais.

Rochtain Poiblí
Tar éis cás a chinneadh, is féidir leat féachaint ar chomhad an cháis chinnte laistigh de thrí lá tar éis an chinnidh. Fáil ag an bpobal a thugtar air seo.

Ar ais go barr

 

S

Saoráil faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, is féidir le haon duine iarratas a chur chuig an mBord Pleanála ar fhaisnéis atá ag an mBord Pleanála agus nach bhfuil ar fáil don phobal ar aon slí eile.

Sinne
An Bord Pleanála.

Spriocthréimhse reachtúil
An tréimhse ama le cinneadh a dhéanamh ar chás. Is é an tréimhse ama seo an sprioc a thugtar don Bhord faoin dlí, ag brath ar chineál an cháis. Mar shampla, is é 18 seachtaine an Spriocthréimhse Reachtúil in acomhairc phleanála. I gcásanna áirithe, ní shocraítear aon spriocthréimhse de réir dlí.

Ar ais go barr

 

T

Taiscthe, a Thaisceadh
Rud éigin a thabhairt nó a chur isteach chuig an mBord Pleanála.

Talamh a theachtadh
Samplaí: Tairbhe ó thalamh; úsáid talún.

Talamh tadhlach
Teorannach: bheith díreach in aice leis agus ceangailte de.

Tarchur (Alt 5)
Cás ina gcinneann an Bord cibé an gá cead pleanála maidir le togra (féach Tarchur maidir le mionsonra, leis)

Tarchur maidir le mionsonra
I gcásanna áirithe, is féidir iarraidh ar an mBord, trí tharchur maidir le mionsonra, cinneadh a dhéanamh i gcás nuair nach féidir leis na rannpháirtithe teacht aon chinneadh (féach Tarchur (Alt 5), leis.)

Teastas rochtana do dhaoine faoi mhíchumas
Deimhniú a dheonaíonn údarás rialaithe tógála lena ndeimhnítear go gcomhlíonfadh an foirgneamh, na hoibreacha nó an t-athrú úsáid, má thógtar é de réir na bpleananna, na ndoiciméad agus an eolais a cuireadh isteach chuig an údarás, riachtanais Chuid M den Dara Sceideal sna Rialacháin Tógála.

Teastas rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas
Deimhniú a dheonaíonn údarás rialaithe tógála atá de dhíth i gcás:

  • iarratais ar dheimhniú rochtana do dhaoine faoi mhíchumas a dhéantar sula ndeonaítear cead pleanála, faoin gcead dá éis, nó
  • i gcás ina ndéantar leasú suntasach ar an dearadh, ar na hoibreacha, ar an leathnú nó ar úsáid an fhoirgnimh dár deonaíodh deimhniú rochtana do dhaoine faoi mhíchumas cheana féin, agus
  • i gcás go gceanglaíonn leasú ar an gcead pleanala (lena n-áirítear aon choinníollacha a chuirtear leis) go gcomhlíonfadh an dearadh leasaithe Cuid M de na rialacháin.

Tionscadal údaráis áitiúil
Iarratais a dhéanann údarás áitiúil go díreach chuig an mBord Pleanála ar chead pleanála maidir le forbairt a bheartaíonn údarás áitiúil a dhéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil. Samplaí is ea oibreacha tuilte, tionscadail bheaga bóthair agus tithíocht. Áirítear ar thionscadail údaráis áitiúil ceannach éigeantach talú, mar shampla orduithe ceannaigh éigeantaigh.

Toiliú Ionaid
Iarratas ar chead a dhéantar go díreach chuig an mBord Pleanála maidir le forbairt a rinneadh cheana agus ar chóir aon cheann nó níos mó de na measúnaithe seo a leanas a dhéanamh ina leith – rud nach ndearnadh:

  • Measúnú Tionchair Timpeallachta,
  • Cinneadh ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta,
  • Measúnú Oiriúnachta.

Tráchtála
Is éard is forbairt thráchtála ann:

  • forbairtí nach forbairtí cónaithe iad, do chuspóirí proifisiúnta, tráchtála nó tionsclaíochta,
  • forbairtí le haghaidh seirbhísí íoctha nó seirbhísí dá bhfaightear luach saothair, nó
  • forbairtí cónaithe de dhá theach / árasán nó níos mó.

Ní áirítear ar fhorbairt thráchtála forbairtí do chuspóirí talmhaíochta.

Treoir maidir le hÉin​
Acht reachtach de Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na hEorpa chun éin fhiáine a chosaint.

Treoir maidir le Gnáthóga
Sraith achtanna reachtacha de chuid Chomhairle na hEorpa chun gnáthóga nádúrtha a chaomhnú agus ainmhithe agus plandaí atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó a bhaineann go heisiach le háit ar leith a chosaint.

Tríú páirtí (Achomhairc)
Duine a achomharcann cinneadh ó údarás áitiúil ar fhorbairt bheartaithe seachas an té a rinne an t-iarratas pleanála bunaidh (Féach Achomharcóir, leis).

Tuairim
Doiciméad a chuireann Breathnóir isteach (féach Aighneacht, leis).

Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (TMTT)
Cáipéis a ullmhaíonn iarratasóir ina ndéantar measúnú ar an tionchar is dócha a bheidh ag an fhorbairt bheartaithe ar an gcomhshaol.

Tusa
Tusa mar dhuine, cuideachta, grúpa, eagraíocht nó údarás Stáit.

Ar ais go barr

 

U

Údarás pleanála
An t-údarás áitiúil – comhairle contae, comhairle cathrach, nó comhairle contae agus cathrach – atá freagrach as pleanáil ina cheantar.

Údarás rialála tógála
An t-údarás áitiúil – comhairle contae, comhairle cathrach, nó comhairle contae agus cathrach – atá freagrach as rialú tógála ina cheantar.

Ar ais go barr

 

Is mar threoir agus mar chúnamh amháin a fhoilsítear an treoir eolais seo. Ní léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht é. Ní mór do gach léitheoir déanamh de réir na bhforálacha reachtúla a bhaineann lena chás féin agus treoir a fháil ó shaineolaí más gá.