Léim go dtí an príomhábhar

Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála, An Coimisiún Pleanála

Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála, An Coimisiún Pleanála

30 / 01 / 2026

Tuairisceoidh an duine a cheapfar mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála go díreach don Phríomh-Choimisinéir Pleanála. Beidh an Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála freagrach as gnáthfheidhmíocht laethúil na gCoimisinéirí Pleanála a fhormhaoirsiú agus a threorú chun a chinntiú go soláthróidh siad cinntí láidre tráthúla ardchaighdeáin atá fónta ó thaobh an dlí de ar an gcásobair ar fad, i.e., achomhairc phleanála, iarratais dhíreacha agus cineálacha eile cásanna i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir atá i gceist.

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná Déardaoin an 19 Feabhra 2026, ag 3.00 p.m.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh agus tuilleadh faisnéise a fháil trí shuíomh Gréasáin Poistphoiblí ag an nasc seo a leanas:
Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála, An Coimisiún Pleanála - publicjobs