Léim go dtí an príomhábhar

Cairt do Chustaiméirí

Cairt do Chustaiméirí

Ár nGealltanas Duitse

Seirbhís éifeachtach den chéadscoth a chur ar fáil duit. Cuspóir straitéiseach is ea é formhór na gcásanna pleanála a chinneadh laistigh den tréimhse reachtúil.


Dea-bhéas agus Tuiscint

Iarracht a dhéanamh seirbhísí den scoth a sholáthar go dea-bhéasach tuisceanach agus lena laghad moille agus is féidir, ag cothú meas frithpháirteach idir an custaiméir agus an eagraíocht. Féadann tú cabhrú linn trína bheith dea-bhéasach agus tuisceanach agus tú ag plé leis an bhfoireann.


Neamhspleáchas, Oscailteacht agus Neamhchlaontacht

Gealltanas a thabhairt go mbeidh an córas measúnaithe pleanála neamhspleách, neamhchlaon, soiléir agus trédhearcach. An cuspóir atá againn ná gach eolas a thabhairt duit ar shlí a oirfidh duit.


Feidhmíocht

Monatóireacht agus meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht agus féachaint an gcuirtear na seirbhísí ar fáil ar shlí a chomhlíonann riachtanais custaiméirí, lena n-áirítear bonneagar agus córais TFC cuí a fhorbairt.
 

Comhionannas / Idirdhealú

A chinntiú go léirítear meas iomlán ar do chearta Gaeilge, ar chineálacha eile cumarsáide agus ar chomhionannas gan idirdhealú ar aon cheann de naoi bhforas.


Rochtain

Gach iarracht a dhéanamh oifigí poiblí glana a sholáthar, ar féidir le gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil riachtanais ar leith acu, dul isteach iontu, le leibhéal cuí príobháideachta, agus ar aon dul le caighdeáin cheirde agus sábháilteachta.

 

Gearáin

Gach iarracht a dhéanamh córas oscailte, insroichte agus freagrúil a sholáthar chun déileáil le gearáin, agus fáilte a chur roimh thuairimí agus moltaí ó chustaiméirí i dtaobh chaighdeán na seirbhíse. Gheofar sonraí den tslí le gearán/moladh a dhéanamh i bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí an Bhoird Phleanála ag www.pleanala.ie

 

Sonraí Teagmhála

Gheofar breis eolais ar an gCairt seo agus ar an bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí ón Oifigeach Seirbhíse do Chustaiméirí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, agus is féidir tuairimí ar an gcairt agus ar an bplean a chur chuig an oifigeach céanna. nó r-phost: customerservice@pleanala.ie