Léim go dtí an príomhábhar

Dispeansáide: Achomhairc

Comhairlí áitiúla atá freagrach as cinntiú go bhfuil foirgnimh i riocht slán le húsáid. Tá sé sin leagtha amach sna hAchtanna um Rialú Tógála agus sna Rialacháin Rialaithe Tógála. Údaráis rialaithe tógála a thugtar ar chomhairlí contae, comhairlí cathrach nó comhairlí cathrach agus contae a ghníomhaíonn faoin reachtaíocht seo. Ceanglaíonn an dlí freagrachtaí agus cumhachtaí áirithe ar údaráis rialaithe tógála chun sábháilteacht foirgneamh a rialáil.

Faoi na hAchtanna um Rialú Tógála is ceadmhach d’údarás rialaithe tógála dispeansáid a dheonú ó aon cheanglas de chuid na Rialachán Tógála maidir le foirgnimh nó oibreacha. Tá sé de chumhacht ag an údarás rialaithe tógála, leis, maolú a dheonú ar aon cheanglas sna Rialacháin Tógála.

 

Ní mór a chur san áireamh nach féidir dispeansáid nó maolú a dheonú ach amháin i gcás cheanglais na Rialachán Tógála. Ní féidir dispeansáid nó maolú a dheonú ó threoir a thugtar i nDoiciméid Treorach Theicniúla.

Gheofar eolas ar an tslí le cur isteach ar dhispeansáid nó ar mhaolú ó d’údarás rialaithe tógála.

Má tá tú míshásta le cinneadh údarás rialaithe tógála ar iarratas ar dhispeansáid nó ar mhaolú na gceanglas Rialaithe Tógála, is féidir an cinneadh a achomharc chuig an mBord Pleanála.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Dispeansáide: Achomhairc [PDF, 379KB]