Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Achomhairc faoi Achtanna eile

Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht, 2015

Alt 9

Is féidir le húinéir tsuímh achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh údaráis phleanála an suíomh sin a chur ar chlár na láithreán tréigthe.

Alt 11

I gcás nuair a dhiúltaíonn údarás pleanála ainmniú tsuímh ar chlár na láithreán tréigthe a bhaint as an gclár agus tá sé beartaithe ag an údarás tobhach a ghearradh (tobhach láithreáin tréigthe) ar bhonn bliantúil ó bhliain 2018 amach, tar éis machnamh a dhéanamh ar aighneachtaí an úinéara faoin gceist maidir le hiontráil an tsuímh ar an gclár.

Alt 18

Achomharc nuair a dhéantar éileamh ar íocaíocht le húinéir an tsuímh maidir le tobhach láithreáin tréigthe.

 

Achtanna um Rialú Foirgníochta 1990 agus 2007

Alt 7(1)(a)

Achomharc chuig an mBord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dhispeansáid ó aon riachtanas de chuid na rialachán foirgníochta nó ar mhaolú orthu.

Alt 7(1)(b)

Achomharc chuig an mBord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú sábháilteachta ó dhóiteán nó ar dheimhniú sábháilteachta leasaithe ó dhóiteáin.

Alt 7(1)(d)

Achomharc chuig an mBord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú tabhairt chun rialtachta.

Alt 7(1)(e)

Achomharc chuig an mBord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú rochtana nó maidir le hiarratas ar dheimhniú rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas.

 

Na hAchtanna um Thruailliú Uisce 1977 agus 1990

Alt 8

Achomharc duine maidir le deonú, diúltú, athrú nó cúlghairm ceadúnais doirte eisiltigh go huiscí.

Alt 20

Achomharc maidir le ceadúnas eisilteach trádála a dhoirteadh go séarach arna dhéanamh ag:

  • áititheoir an áitribh i gcás chúlghairm an cheadúnais nó athrú a bheith á chur air nó coinníollacha á gcur leis, nó
  • duine ar diúltaíodh dá iarratas ar an gceadúnas.

 

An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987

Alt 34

Bhí feidhmeanna ag an mBord Pleanála maidir le hachomhairc a chinneadh i dtaca le deonú nó diúltú ceadúnais faoi alt 32 nó ceadúnas athcheartaithe faoi alt 33 den Acht chun astaíochtaí a scaoileadh isteach san atmaisféar. Aistríodh na feidhmeanna sin, áfach, ón mBord Pleanála chuig an nGníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil faoin Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2015 le héifeacht ón 31 Lúnasa, 2015.

Dá bhrí sin níl baint ag an mBord Pleanála a thuilleadh le hachomhairc faoi Thruailliú Aeir.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón suíomh idirlín ag http://www.epa.ie/licensing/air/actappeals/ nó trí ghlao gutháin a chur orthu ag 1890 33 55 99 nó ag 053 916 0600