Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Achomhairc eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt

Achomhairc eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000:

Alt 44(6)

Achomharc in aghaidh cúlghairme nó athraithe ceadúnais phleanála.

Alt 45(3) Achomharc i gcoinne talamh a fháil mar spás oscailte.

Alt 46(6)

Achomharc i gcoinne déanmhas a dhíchur nó a athrú nó scor dá úsáid.

Alt 88(5)

Achomharc i gcoinne fógra a éilíonn go ndéanfaí bearta a bhaineann le struchtúr nó le talamh éigin i limistéar Rialaithe Pleanála Speisialta.

Alt 169(6)

Achomharc i gcoinne scéim pleanála a dhéanamh i gcrios forbartha straitéisí (SDZ).

Alt 170A

Iarratas le haghaidh leasú a dhéanamh ar scéim pleanála i gcrios forbartha straitéisí.

Alt 171(2)

Achomharc i gcás go gcúlghairtear scéim pleanála i gcrios forbartha straitéisí. (SDZ).

Alt 182(4)

Achomharc ó húdarás áitiúil nuair a dhiúltaíonn úinéir/áititheoir cead a thabhairt cáblaí, sreangaí nó píblínte a chur ar a réadmhaoin.

Alt 207(5)

Achomharc i gcoinne cearta slí poiblí thar an talamh a dhéanamh.

Alt 254(6)

Achomharc a dhéanamh i ndáil le ceadúnas le haghaidh fearais, gléasra, struchtúir, cábla nó rudaí eile ar bhóthar poiblí.

Alt 261(9)

Achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh ón údarás pleanála coinníollacha a fhorchur, a athlua nó a mhodhnú, nó cur leo i gcás cairéil.