Léim go dtí an príomhábhar

Príobháideacht agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), 2018

Ní úsáideann an Bord Pleanála do shonraí pearsanta ach amháin chun ár seirbhísí a sholáthar agus chun ár ndualgais dhlíthiúla atá leagtha amach faoin reachtaíocht iomchuí a chomhlíonadh.

Fógra Príobháideachta Sonraí

Is é is sonraí pearsanta ann aon fhaisnéis faoi dhuine beo is féidir a úsáid chun an duine aonair sin a shainaithint.
Leagtar amach san fhógra cosanta sonraí seo mionsonraí faoi conas a phróiseálann an Bord Pleanála (an Bord) sonraí pearsanta agus faoi conas a phróiseáiltear sonraí pearsanta thar a cheann mar rialaitheoir sonraí nuair atá sé ag comhlíonadh a dhualgas de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt agus de réir reachtanna iomchuí eile. 
Ní úsáideann an Bord Pleanála do shonraí pearsanta ach amháin chun ár seirbhís a sholáthar agus chun ár ndualgais dhlíthiúla atá leagtha amach faoin reachtaíocht iomchuí a chomhlíonadh. 

An Próiseas Pleanála

Próiseas oscailte trédhearcach is ea an próiseas pleanála agus, de réir na reachtaíochta, tugtar rochtain do dhaoine den phobal amharc ar chóipeanna den doiciméadacht ar fad a fhaigheann an Bord Pleanála i ndáil le cásanna a bhfuil cinneadh déanta aige air agus cóipeanna den doiciméadacht sin a fháil. 

Nuair atá tú i mbun achomharc, tarchur, iarratas nó ní eile, nó barúil nó aighneacht, a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála, ba cheart duit breithniú cúramach a dhéanamh ar aon fhaisnéis phearsanta a nochtfaidh tú fút féin agus faoi dhaoine eile toisc go dtiocfaidh na doiciméid sin chun bheith ar fáil don phobal, trí shuíomh Gréasáin an Bhoird Pleanála agus/nó i gcóip chrua trí rochtain an phobail ag a oifig. 

Cásanna Beo Áirithe

Maidir le haighneachtaí arna bhfáil i ndáil le cásanna beo a bhaineann le forbairtí bóthair beartaithe faoi Acht na mBóithre, 1993, arna leasú (agus cásanna tarchuir agus aighneachtaí gaolmhara a luaithe a chinntear iad), tá oibleagáid dhlíthiúil ar an mBord Pleanála na haighneachtaí sin a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin, agus foilseofar ina n-iomláine aon sonraí pearsanta (ainm, seoladh agus mionsonraí teagmhála) atá le fáil sna haighneachtaí sin.

Cásanna a bhfuil Cinneadh Déanta orthu 

De réir na reachtaíochta pleanála, ní foláir aon doiciméadacht i ndáil le cásanna a bhfuil cinneadh déanta orthu ag an mBord Pleanála a chur ar fáil don phobal lena hiniúchadh ag ár n-oifigí agus ar ár suíomh Gréasáin ar feadh na dtréimhsí seo a leanas:

(a)     ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad dar tosach an tríú lá tar éis an lae a rinne an Bord Pleanála an cinneadh, i gcás nach ndearnadh aon mheasúnacht tionchair timpeallachta ar an bhforbairt bheartaithe, 
(b)     ar feadh tréimhse gan chríoch dar tosach an tríú lá tar éis an lae a rinne an Bord Pleanála an cinneadh, i gcás go ndearnadh measúnacht tionchair timpeallachta ar an bhforbairt bheartaithe.

Nóta: i ndáil le cásanna a bhfuil cinneadh déanta orthu faoi phointe (b) thuas, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an mBord Pleanála an doiciméadacht ar fad i ndáil leis an gcás a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin, agus foilseofar ina n-iomláine aon sonraí pearsanta (ainm, seoladh agus mionsonraí teagmhála) atá le fáil sna haighneachtaí sin. 

Na cearta atá ag Ábhair Sonraí

Mar ábhar sonraí, tá agat cearta atá leagtha amach in RGCS agus i reachtanna gaolmhara. 
Mínítear inár mBeartas Cosanta Sonraí conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta fútsa, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.
Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Bheartas Cosanta Sonraí an Bhoird Pleanála.

Márta 2025
 

Beartas CCTV

Beartas CCTV ag an mBord Pleanála.
 

Cosaint ar Víreas

Déanaimid gach iarracht ábhar a sheiceáil agus a thástáil ag gach céim den táirgeadh. Moltar duit i gcónaí ríomhchlár frithvíreas a rith ar gach ábhar a íoslódáiltear ón Idirlíon. Ní féidir linn aon fhreagracht a ghlacadh as aon chaillteanas, cur isteach nó damáiste do do shonraí nó do chóras ríomhaire a tharlódh agus ábhar a dhíorthaigh ón suíomh Gréasáin seo in úsáid agat.

 

Próiseas Clárúcháin

Nuair a chuirtear faisnéis phearsanta ar fáil don Bhord trínár bpróiseas clárúcháin ní chuirfear é seo ar fáil do thríú páirtithe agus ní úsáidfear í ar bhealaí nach bhfuil ar aon dul le soláthar faisnéise a bhaineann leis an mBord nó le feidhmeanna ginearálta an láithreáin ghréasáin.

 

Faisnéis faoi úsáid an láithreáin

Úsáideann an láithreán seo seirbhís Google Analytics de chuid Google, Inc. ('Google') a dhéanann anailís ar iompar lucht rochtana an láithreáin. Baineann Google Analytics leas as 'fianáin'. Is comhaid téacs iad seo a chuidíonn leis an bhfoireann gréasáin anailís a dhéanamh ar an leas a bhaineann daoine as an láithreán. Seolfaidh Google an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin gcaoi a úsáideann tú an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) go freastalaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá áit a dhéanfar í a stóráil. Bainfidh Google leas as an bhfaisnéis seo chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a úsáideann tú an láithreán gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú le haghaidh oibreoirí láithreán gréasáin faoi ghníomhaíocht láithreán gréasáin agus chun seirbhísí eile a chur ar fáil a bhaineann le gníomhaíochtaí láithreán gréasáin agus úsáid an Idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a chur ar fáil do thríú páirtithe má ordaíonn an dlí dóibh é sin a dhéanamh agus sa chás go ndéanann tríú páirtithe an fhaisnéis a phróiseáil thar cheann Google. Ní nascfaidh Google do sheoladh IP le sonraí eile ar bith atá ag Google. Féadfaidh tú cosc a chur le húsáid na bhfianán trí an socrú cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi ndeara le do thoil, nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an láithreáin seo a úsáid má dhéanann tú é sin. Má úsáideann tú an láithreán gréasáin seo tugann tú cead do Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi, agus chun na críocha, a leagtar amach thuas.

Níl faisnéis pearsanta fút sna fianáin agus ní féidir iad a úsáid chun aon úsáideoir faoi leith a aithint.

Sonraí Teagmhála

Rialaitheoir Sonraí:
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dataprotection@pleanala.ie

Oifigeach Cosanta Sonraí:
Oifigeach Riaracháin Shinsearach
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dpo@pleanala.ie

Oifigeach um Chomhlíonadh:
Príomhoifigeach
An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Fón: 01 8588100
Ríomhphost: dataprotection@pleanala.ie

 

Working with us

Duis ac enim non neque facilisis luctus. Duis faucibus sem eu magna faucibus, a accumsan felis egestas.


View Careers