Léim go dtí an príomhábhar

Céard iad na hábhair achomhairc atá ar fáil dom?

Na hábhair achomhairc gur féidir leat a chur isteach

Go ginearálta, is féidir le haon rannpháirtí in iarratas achomharc a chur isteach tar éis don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh ar an iarratas. Is féidir le hiarrthóirí achomharc a chur isteach maidir leis an cinneadh ar fad nó ar chuid dó, agus is féidir le rannpháirtithe eile an cinneadh a achomharc fhad is atá admháil acu ón údarás pleanála gur ghlac siad páirt ann nuair a bhí an iarratas leis an údarás. Tá cásanna áirithe ann nach féidir leat achomharc a chur isteach ann agus déantar plé orthu seo thíos.

Murar chuir tú aighneacht nó tuairim ar an iarratas nuair a bhí sé ag an údarás pleanála, is féidir go mbeidh tú in ann achomharc a chur isteach ar chinneadh an údaráis pleanála más tú:

  • I d'eagraíocht liostaithe na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt nár chuireadh fógra chugat maidir le iarratas pleanála ón údarás pleanála, mar a leagtar amach sa dlí, nó
  • Grúpa um chaomhnú comhshaoil. Ní féidir leat achomharc a chur isteach, áfach, ach murar chuireadh tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta (TMTT a bhí mar RTT) agus go raibh gá le ceann a chur isteach leis an iarratas chuig an údarás pleanála, nó
  • Úinéir, áititheoir nó duine a bhfuil suim acu i dtailte a bhfuil ar imeall suímh iarratais phleanála. Sa chás seo, is féidir leat iarratas a chur chuig an mBord Pleanála ar chead a fháil chun achomharc a dhéanamh. I d'iarratas ar an achomharc, déanann an Bord cinneadh má tá imthosca maolaitheacha ann maidir le cén fáth nár chuir tú aighneacht nó tuairim isteach chuig an údarás pleanála, agus is féidir leo cead a thabhairt nó a dhiúltú achomharc a chur isteach. Is féidir eolas a fháil maidir le hachomharc den sort seo a chur isteach ón mBord Pleanála.

Roghanna taobh amuigh d'achomharc a chur chuig an mBord Pleanála

Muna raibh tú páirteach leis an údarás pleanála agus ní cháilíonn tú chun achomharc a dhéanamh sna cásanna thuas, is féidir leat do thuairimí a chur chuig an mBord mar bhreathnóir. Ní féidir leat tuairim a dhéanamh, áfach, ach má tá achomharc bailí curtha isteach ag duine éigin.

Achomhairc eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

Chomh maith leis sin, is féidir achomharc a chur isteach ar ábhair eile, mar shampla:

  • Scéim pleanála a dhéanamh, a leasú, a athrú nó a chúlghairm i gcrios forbartha straitéisí.
  • Cinneadh ceadúnaithe d'fhearas, do ghaireas, do struchtúr, do chábla nó d'ábhar eile ar sráid phoiblí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na cineálacha achomharc eile sa cháipéis Feidhmeanna an Bhoird.

 

Na hábhair nach féidir achomharc a dhéanamh orthu
Tá cinntí airithe ag na húdaráis pleanála nach féidir achomharc a dhéanamh orthu. Seo hiad a leanas:

  • Má chinntigh an t-údarás pleanála go bhfuil an iarratas neamhbhailí.
  • Ma bheartaigh an t-údarás pleanála cead a thabhairt tar éis dóibh cead sracléaráide a dheonú.
  • Má dhiúltaigh an t-údarás pleanála cead de bharr iartheipeanna forbróra nó duine a bhaineann leis ina chloí le hiarchead a dheonódh agus nach gcuireann an Ard-Chúirt neamhní ar an gcinneadh sin.
  • Má dheonaigh nó dhiúltaigh an t-údarás pleanála cead le haghaidh forbartha beartaithe atá lonnaithe i gcrios forbartha straitéisí.
  • Má dhiúltaigh an t-údarás pleanála dara iarratas pleanála a thógáil faoi bhráid. Má tá iarratas faoi hachomharc leis an mBord Pleanála, ní féidir dara iarratas don fhorbairt chéanna nó d'fhorbairt den nós céanna a chur chuig an údarás pleanála. Má tharlaíonn díospóid ar an gceist más an fhorbairt chéanna nó forbairt den nós céanna atá ann in iarratas nua, is féidir an cheist a chur chuig an mBord Pleanála.
  • Má dheonaigh an t-údarás pleanála cead agus má chuir siad coinníollacha ann a bhfuil gá leo ranníocaí airgeadais a íoc faoi scéimeanna do ranníocaíocht forbartha nó faoi scéimeanna forlíontacha do ranníocaíocht forbartha. Is féidir achomharc a chur isteach, áfach, má:
    • Chreideann tú nár chuir an t-údarás pleanála téarma scéime do ranníocaíocht forbartha nó téarmaí scéime forlíontaí do ranníocaíocht forbartha i bhfeidhm i gceart, nó
    • Chuireann an t-údarás pleanála coinníoll ranníocaíochta áirithe i bhfeidhm.

Achomhairc i gcoinne feidhme scéimeanna do ranníocaíocht forbartha nó scéimeanna forlíontacha do ranníocaíocht forbartha

Má tá achomharc ann atá i gcoinne coinníll ranníocaíochta áirithe nó feidhme scéime ranníocaíochta ag an údarás pleanála amháin, féachfaidh an cigire agus an Bord ar an gcuid airgeadais den iarratas agus ní osclóidh siad buanna pleanála an cháis arís. Nuair atá an t-achomharc faoi scrúdú ag an mBord, is féidir leis an t-údarás pleanála cead pleanála deiridh a dheonú. Caithfear go dtabharfaidh an t-iarrthóir urrús, áfach, le haghaidh íocaíochta do mhéid iomlán na ranníocaíochta nó na ranníocaíochta forlíontaí, mar is gá.