Léim go dtí an príomhábhar

Comhalta Seachtrach den Choiste Iniúchta agus Riosca

Comhalta Seachtrach den Choiste Iniúchta agus Riosca


Tá an Coimisiún Pleanála (ACP) ag lorg Léirithe Spéise ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí cuí acu chun fónamh mar Chomhaltaí Seachtracha de Choiste Iniúchta agus Riosca an Choimisiúin Pleanála (ARC).

Is deis é seo chun maoirseacht neamhspleách, léargas straitéiseach agus ceistiú cuiditheach a chur ar fáil chun tacú le rialachas láidir, bainistíocht éifeachtach riosca, agus próisis láidre dearbhaithe i dtimpeallacht chasta rialála.

Chomh maith le taithí ar iniúchóireacht agus ar riosca, chuirfeadh An Coimisiún Pleanála fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil scileanna acu i dteicneolaíocht na faisnéise, sa chibearshlándáil agus sa chlaochlú digiteach laistigh de thimpeallacht
chasta ildisciplíneach, mar aon le tuiscint ar rialachas i gcomhthéacs comhlachta stáit.

Tá folúntas amháin ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca faoi láthair agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Pleanála painéal a bhunú ón gcomórtas seo a d’fhéadfaí a úsáid chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa dá
bhliain amach romhainn.


Dáta deiridh: 22 / 10 / 2026   15 : 00