Léim go dtí an príomhábhar

Clúmhilleadh

Fógra Faoi Chlύmhilleadh

Caithfidh aon duine a ghlacann páirt i gcásanna os comhair an Bhoird a bheith cúramach nach ndéanfar aon ráiteas clúmhillteach i gcoinne daoine nó eagraíochtaí áirithe. Is féidir le daoine cásanna dlí a chur in aghaidh na rannpháirtithe féin de dheasca aon rud clumhillteach a bhí ráite ag na rannpháirtithe sin in achomharc nó in aighneacht agus ba cheart aon ráiteas clúmhillteach a sheachaint. I gcónaí nuair a fhaigheann an Bord aighneachtaí, tá said scaipthe amach do rannpháirtithe eile nó le fáil chun iniúchadh poiblí a dhéanamh. Tar éis cinneadh an Bhoird a bheith déanta, tá gach ábhar a bhaineann leis an gcinneadh sin ar fáil go poiblí. Tabhair faoi deara le do thoil má thosnaíonn cás dlí in aghaidh an Bhoird de dheasca rud éigin clúmhillteach, is féidir leis an mBord slánú a fháil ón duine a rinne nó a scríobh an rud clúmhillteach. Caithfear a thuiscint nach bhfuil cúram nó suim ag an mBord ach in ábhair a bhaineann le cúrsaí pleanála agus forbairt inchothaithe na háite agus go ginéarlta níl aon baint ag an mBord le ráiteas phearsantaithe nuair atá cinneadh le déanamh. Baineann an méid seo atá ráite thuasluaite le haon ráiteas nó aighneacht a déantar ag éisteacht ó bhéal freisin.