Léim go dtí an príomhábhar

Tá seirbhís nua achomharc ar líne seolta ag an gCoimisiún Pleanála, a forbraíodh i gcomhar le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR)

Tá seirbhís nua achomharc ar líne seolta ag an gCoimisiún Pleanála, a forbraíodh i gcomhar le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR)

06 / 08 / 2026

An Coimisiún Pleanála Logo
OGCIO Logo



Tá seirbhís nua achomharc ar líne seolta ag an gCoimisiún Pleanála, a forbraíodh i gcomhar le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR), lena gcumasaítear achomhairc phleanála incháilithe a chur isteach ar líne agus íocaíochtaí slána a dhéanamh, agus an táille ábhartha a íoc mar chuid den idirbheart céanna. Cloch mhíle shuntasach i gclár claochlaithe dhigitigh an Choimisiúin is ea an tseirbhís, lena bhfeabhsaítear rochtain an phobail ar an bpróiseas achomhairc agus lena gcuidítear freisin leis na próisis glactha isteach a chuíchóiriú.

Tá an tseirbhís ar fáil ón 20 Aibreán 2026 ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Pleanála.Amhail an 4 Lúnasa, bhí os cionn 500 aighneacht faighte tríd an tseirbhís achomharc pleanála ar líne, rud a léiríonn gur glacadh go tréan leis an mbealach nua digiteach ón tús.

Cuireadh an tseirbhís ar fáil i gcomhar le hOifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR), agus úsáid á baint as bloic thógála dhigiteacha chomhroinnte de chuid an Rialtais – tacar d’uirlisí bogearraí comhoiriúnacha lena soláthraítear cumais dhigiteacha in-athúsáidte ar fud na seirbhíse poiblí. Tacaíonn an cur chuige seo le heispéireas comhsheasmhach, slán agus inrochtana don úsáideoir, seachnaíonn sé dúbailt neamhriachtanach agus tá sé ag teacht le cuspóirí níos leithne an Rialtais maidir leis an gclaochlú digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí a leagtar amach in Cónascadh Rialtais 2030.

Tá tairbhí soiléire don phobal agus don eagraíocht ag baint leis an tseirbhís freisin. Cinntítear léi rochtain chothrom ar an bpróiseas achomhairc reachtúil, beag beann ar shuíomh geografach nó ar uaireanta oifige, agus cuirtear deireadh leis an ngá le haighneachtaí a dhéanamh go pearsanta nó tríd an bpost.  Laghdaítear léi an spleáchas ar pháipéar, ar an bpost agus ar phróiseáil de láimh, rud a thacaíonn le láimhseáil níos éifeachtúla achomharc laistigh den Choimisiún. 
Is sampla praiticiúil í an tseirbhís achomharc ar líne den chaoi ar féidir le cumas digiteach in-athúsáidte an Rialtais tacú le comhlachtaí poiblí seirbhísí ardtoirte a nuachóiriú. Trí chomhpháirteanna comhroinnte idir-inoibritheacha a úsáid, is féidir le comhlachtaí seirbhíse poiblí seirbhísí níos fearr a sholáthar níos tapa, forchostais seachadta a laghdú agus eispéireas níos comhtháite a chruthú don phobal agus do ghnólachtaí.
Le himeacht ama, meastar freisin go bhfeabhsóidh an próiseas treoraithe ar líne cáilíocht agus iomláine na n-aighneachtaí, go laghdóidh sé earráidí agus go dtacóidh sé le próiseáil níos éifeachtúla cásanna. 
Trí leas a bhaint as bloic thógála dhigiteacha in-athúsáidte an Rialtais mar bhonn don tseirbhís, tacaítear freisin le nuálaíocht amach anseo agus le húsáid níos éifeachtúla acmhainní poiblí. Neartaíonn an cur chuige an comhar ar fud an Rialtais trí chaighdeáin choiteanna, rialachas comhroinnte agus athúsáid réiteach seanbhunaithe a spreagadh, rud a chuidíonn leis an mbunchloch a leagan do sheirbhís phoiblí dhigiteach atá níos athléimní, níos éifeachtúla agus níos dírithe ar an saoránach.

Ráiteas oifigiúil ó ACP:

“Déanann An Coimisiún Pleanála a dhícheall seirbhísí ar ardchaighdeán, córais nuálacha agus próisis éifeachtúla a sholáthar lena gcumasaítear rannpháirtíocht chothrom agus atá inrochtana do chách. Tá an tseirbhís achomharc ar líne seo, a forbraíodh i gcomhar le OPOFR, níos inrochtana, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, agus cuireann sí deireadh le bac suntasach a bhí roimh dhaoine ar fud na tíre arbh éigean dóibh roimhe seo teacht chuig ár n-oifig i mBaile Átha Cliath go pearsanta nó an tseirbhís poist a úsáid chun achomharc a thaisceadh. Is cuid shuntasach d’obair an Choimisiúin iad achomhairc phleanála, agus is údar misnigh dúinn na rátaí glactha tosaigh agus an t-aiseolas dearfach ó úsáideoirí. Le tabhairt isteach na seirbhíse digití seo, feabhsaítear an chaoi a gcuirtear achomhairc phleanála isteach agus a ndéantar iad a bhainistiú, agus soláthraíonn cur i bhfeidhm rathúil na seirbhíse treochlár le haghaidh tuilleadh feabhsuithe ar sheirbhísí digiteacha.

Peter Mullan
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Coimisiún Pleanála

Ráiteas oifigiúil ó OPOFR:

“Tá comhlachtaí seirbhíse poiblí ag glacadh níos mó agus níos mó le bloic thógála dhigiteacha in-athúsáidte chun athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcaoi a ndeartar, a soláthraítear agus a bhfeabhsaítear seirbhísí poiblí. Trí chomhpháirteanna comhroinnte, slána agus idir-inoibritheacha a úsáid, is féidir le heagraíochtaí san earnáil phoiblí seirbhísí níos fearr a sholáthar níos tapa, costais a laghdú agus eispéireas níos comhtháite a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
Is sampla iontach í seirbhís nua achomharc ar líne an Choimisiúin Pleanála den chaoi ar féidir le cumas digiteach comhroinnte an Rialtais tacú le comhlachtaí poiblí seirbhísí ardtoirte a nuachóiriú ar bhealach lena bhfeabhsaítear inrochtaineacht, lena neartaítear soláthar seirbhísí agus lena dtacaítear le húsáid níos fearr acmhainní riaracháin. Is é atá i gceist leis an gclaochlú digiteach ná athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a soláthraíonn an rialtas luach do shaoránaigh.
Trí infheistíocht a dhéanamh i mbloic thógála dhigiteacha in-athúsáidte, táimid ag cruthú bunchloiche lena gcumasaítear nuálaíocht níos tapa, seirbhísí poiblí níos fearr agus úsáid níos éifeachtúla acmhainní poiblí.”


Louise McKeever,
Príomhoifigeach Faisnéise, OPOFR, an 
Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin

Cúlra / nótaí d’eagarthóirí
Ní mór d’aon duine ar mian leis nó léi forbairt a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig an údarás pleanála áitiúil ábhartha. In imthosca áirithe, féadfar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún Pleanála i gcoinne na gcinntí sin. Déantar achomhairc phleanála faoi alt 37 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.
Tacaíonn an tseirbhís achomharc ar líne le réimse cásanna achomhairc incháilithe, lena n-áirítear achomhairc phleanála céad pháirtí agus tríú páirtí, tarchuir faoi Alt 5, achomhairc maidir le Forbairt Chónaithe ar Mhórscála agus achomhairc tar éis cead achomhairc a dheonú.

Is féidir le céad pháirtí a rinne iarratas chuig an údarás pleanála ar fhorbairt bheartaithe achomharc a dhéanamh i gcoinne na nithe seo a leanas: 
•    Cinneadh an údaráis pleanála cead a dhiúltú.
•    Aon choinníoll a chuireann an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada.
•    An tslí a gcuireann údarás pleanála téarmaí na Scéime Ranníocaíochta Forbartha nó na Scéime Forlíontaí Ranníocaíochta Forbartha i bhfeidhm ar choinníollacha sa deonú ceada.

Is féidir le tríú páirtí a rinne aighneacht chuig an údarás pleanála maidir le forbairt bheartaithe achomharc a dhéanamh i gcoinne na nithe seo a leanas:
•    Cinneadh an údaráis pleanála.
•    Aon choinníoll a chuireann an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada.

Cuireadh an tseirbhís ar líne ar fáil trí úsáid a bhaint as seirbhísí digiteacha comhroinnte an Rialtais atá á mbainistiú ag OPOFR thar ceann an Choimisiúin Pleanála. Moltar d’úsáideoirí aiseolas ar a n-eispéireas a roinnt chun tacú le feabhsú leanúnach na seirbhíse.
Treoraíonn an próiseas ar líne úsáideoirí, céim ar chéim, tríd an bhfaisnéis is gá chun achomharc bailí a dhéanamh, doiciméid tacaíochta a uaslódáil agus íocaíocht a dhéanamh le cárta dochair nó creidmheasa. Trí na gnéithe sin a thabhairt le chéile in aon idirbheart digiteach amháin, déantar an próiseas níos simplí d’úsáideoirí agus tacaítear le láimhseáil níos éifeachtúla aighneachtaí.

Tá sé léirithe ag an ardán freisin gur féidir leis tacú go hiontaofa le seirbhísí a bhfuil táillí athraitheacha ag baint leo, agus íocaíochtaí ar líne idir €220 agus €4,500 déanta go dtí seo. Tugann an teagmháil luath le húsáideoirí le fios go bhfuil an próiseas achomharc ar líne agus an treoir a ghabhann leis soiléir agus furasta le húsáid. 
Sular cuireadh an tseirbhís ar fáil go poiblí, rinneadh í a phíolótú le gníomhairí pleanála chun turas iomlán an úsáideora a thástáil agus aiseolas a bhailiú. Baineadh úsáid as an aiseolas sin chun an tseirbhís a bheachtú agus chun an treoir thacaíochta ar an suíomh gréasáin a fheabhsú, rud a chuidigh lena chinntiú go raibh na treoracha agus na céimeanna soiléir agus inúsáidte d’iarratasóirí. 

Sonraí teagmhála

Cumarsáid an Choimisiúin Pleanála,
Aisling Matthews, communications@pleanala.ie

OPOFR / an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
Tony Shannon, Príomhoifigeach, an tAonad Seirbhísí Digiteacha, OPOFR (tony.shannon@per.gov.ie)

Sonraí na nasc

Seirbhísí Digiteacha - Bloic Thógála
Ardán Achomharc ar Líne