Gairmeacha: Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha
30 / 01 / 2026
Agus é/í ag tuairisciú don Phríomhoifigeach, tá Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha freagrach as bainistíocht agus forbairt straitéiseach Ghnóthaí Corparáideacha an Choimisiúin Pleanála. Léireoidh an t-iarrthóir scileanna láidre ceannaireachta agus cumas cruthaithe chun tionchar a imirt ar dhaoine eile agus iad a spreagadh, agus an taithí, na tréithe pearsanta agus an nuálaíocht a theastaíonn ar leibhéal sinsearach i gcomhlacht poiblí aige/aici.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 20 Feabhra 2026, ag 3.00 p.m.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, téigh go https://www.pleanala.ie/ga-ie/careers/careers-director-of-corporate-affairs
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge