Deiseanna Gairme: Coimisinéir Pleanála
24 / 07 / 2026
Tá ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún Pleanála i gcóras pleanála na hÉireann agus tá ról garbhreithiúnach aige maidir le cinneadh a dhéanamh ar achomhairc in aghaidh cinntí pleanála arna ndéanamh ag údaráis áitiúla, ar iarratais dhíreacha ar bhonneagar straitéiseach agus ar chatagóirí eile forbartha. Is é a shainordú cinntí pleanála láidre a dhéanamh, i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, laistigh d’amlínte sonraithe/éigeantacha, agus aird á tabhairt ar phrionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais.
Tuairisceoidh an duine a cheapfar mar Choimisinéir Pleanála go díreach don Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála. Beidh an duine sin freagrach as cinntí láidre, fónta ó thaobh an dlí de, ardchaighdeáin agus tráthúla a dhéanamh maidir leis an obair cháis uile, is é sin, achomhairc phleanála, iarratais dhíreacha agus cineálacha eile cásanna, i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair lena mbaineann.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná Déardaoin an 20 Lúnasa 2026 ar 3.00 i.n.
Chun tuilleadh sonraí a fháil agus iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, cliceáil, le do thoil, ar an nasc thíos chun dul chuig suíomh gréasáin PublicJobs.ie:
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge