Léim go dtí an príomhábhar

An tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026

An tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026

31 / 07 / 2026

An tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026

Tháinig an tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026 i ngníomh an 27 Iúil 2026 (I.R. Uimh. 366 de 2026). Leis an Acht seo, tugtar feidhmeanna reachtúla don Choimisiún Pleanála (an ‘Coimisiún’) tar éis do DAA iarratas a dhéanamh chuig an Aire Iompair maidir leis an teorainn ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Is é ról an Choimisiúin measúnú comhshaoil a dhéanamh ar aon iarratas den sórt sin faoin Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus faoin gCreat-treoir Uisce.

Ní dhearnadh aon iarratas chuig an gCoimisiún go fóill. Foilseoidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise go luath maidir lena phróisis faoin Acht seo agus faoin gcaoi ar féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa phróiseas measúnaithe comhshaoil.