An tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí),
20 / 11 / 2026
Tháinig an tAcht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026 i bhfeidhm an 27 Iúil 2026 (I.R. Uimh. 366 de 2026). Leis an Acht seo, tugtar feidhmeanna reachtúla don Choimisiún Pleanála (an ‘Coimisiún’) tar éis do DAA iarratas a dhéanamh chuig an Aire Iompair maidir leis an teorainn ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Is é ról an Choimisiúin Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Measúnacht Chuí a dhéanamh ar aon iarratas den sórt sin faoin Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus faoin Treoir Réime maidir le hUisce.
Ar an 16Samhain 2026, fuair an Coimisiún iarratas ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta i gcomhréir le halt 13 den Acht um Aerfort Bhaile Átha Cliath (Toilleadh ó thaobh Líon Paisinéirí), 2026, mar aon le hiarratas ar Mheasúnacht Chuí i gcomhréir le halt 19 den Acht.
Féadfaidh an pobal aighneacht a dhéanamh maidir le ceachtar de na hiarratais sin laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra seo. Ní mór aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún Pleanála. Féadfaidh daoine den phobal aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na hiarratais sin i ndáil leis na nithe seo a leanas:
-
Measúnacht Tionchair Timpeallachta: na héifeachtaí suntasacha dóchúla (más ann dóibh) a bheidh ag an togra ar an gcomhshaol
-
Measúnacht Chuí: Assessment:impleachtaí an togra d’aon láithreán Eorpach, ag féachaint do na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann leis an láithreán sin
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an nasc seo a leanas:
Cuir isteach ar líne anseo64 Marlborough Street,
Dublin 1
D01 V902
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge