Nóta ó Peter Mullan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ainmnithe
17 / 06 / 2025
Is féidir liom a dheimhniú gur shínigh an tAire an tOrdú um Thosach Feidhme do Chuid 17 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, inniu. Fágann sé sin gurb é an Coimisiún Pleanála a bheidh ionainn amárach. Táimid ag pleanáil don athrú sin le roinnt míonna anuas, agus táimid réidh.
Beidh athruithe rialachais ann, agus Bord Rialaithe seachtrach á bhunú. Beidh an bord sin faoi chathaoirleacht ag Paul Reid, atá ag obair sa tseirbhís phoiblí le blianta fada.
Tiocfaidh na comhaltaí den Bhord chun bheith ina gCoimisinéirí Pleanála, agus déileálfaidh siad go lánaimseartha le cinnteoireacht a bhaineann le gach cás a fhaighimid.
Tiocfaidh mé chun bheith i mo Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an eagraíocht, agus ní dhéileálfaidh mé le cásanna pleanála a thuilleadh.
Cé gur athrú ollmhór dom féin é sin, toisc nach mbeidh mé i mo Chomhalta den Bhord a thuilleadh, táim ag tnúth leis an dúshlán a bhaineann leis an gCoimisiún Pleanála a stiúradh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin.
Leanfaidh na baill foirne uile lena róil a chomhlíonadh, agus ní bheidh aon athrú ann ar phríomhfheidhm na heagraíochta. Leanfaimid le cásanna pleanála a fháil, a phróiseáil, a mheasúnú agus a chinneadh.
Cuireadh sárobair isteach chun an riaráiste cásanna a ghlanadh agus, roimh i bhfad, beimid ag tabhairt fhormhór na gcinntí uainn laistigh den Tréimhse Cuspóra Reachtúil do chásanna na bliana 2025 (80%+). Éireoidh linn é sin a dhéanamh tamall maith roimh thabhairt isteach na n-amlínte éigeantacha atá beartaithe san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.
Is ar bhunsraitheanna daingne a thógtar dea-fhorbairtí, agus is ar na bunsraitheanna is daingne atá an Coimisiún Pleanála tógtha. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dár gcomhghleacaithe uile a d’fhóin sa Bhord Pleanála sna 47 mbliana seo a chuaigh thart. Tríd an tseirbhís phoiblí a chuir siad isteach, rinne siad rannchuidiú suntasach le córas pleanála na hÉireann i rith na mblianta sin. Táimid go mór faoi chomaoin ag gach duine díobh.
Ba mhaith liom a chur in iúl go láidir freisin gur tréimhse chorraitheach don eagraíocht é seo. Táim thar a bheith bródúil as gach duine a oibríonn linn agus a chabhraíonn le heagraíocht atá éifeachtach, dea-reáchtáilte agus inchreidte agus a bhfuil meas uirthi a dhéanamh den eagraíocht seirbhíse poiblí seo de réir mar a théimid isteach sa tréimhse nua seo.