Fógra faoi Chinneadh ABP-312131-21
10 / 07 / 2025
Rinne an Coimisiún Pleanála cinneadh maidir le ABP-312131-21 i ndáil le Tionscadal Draenála Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, arb éard atá ann ionad nua cóireála fuíolluisce, mol sloda, cuarshéarach, píblíne sceite agus saoráid réigiúnach stórála bithsholad. Tá sé suite i mbailte fearainn Chluain Seach, Dhúbóthair agus an Bhaile Nua, Contae Fhine Gall agus Cathair Bhaile Átha Cliath.Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann leis an gcinneadh ar fáil mar a leanas: https://www.pleanala.ie/en-ie/case/312131