Léim go dtí an príomhábhar

Fógra faoi fhaisnéis shuntasach bhreise chuig an gCoimisiún Pleanála i leith tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi uimhir thagartha ABP-319799-24

Forbairt bheartaithe dá ngairtear Feirm Ghaoithe Oiriall, atá suite amach ó chósta Chontae Lú

Fógra faoi fhaisnéis shuntasach bhreise chuig an gCoimisiún Pleanála i leith tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi uimhir thagartha ABP-319799-24

18 / 03 / 2026

I gcomhréir le fo-alt 292(2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tugann an Coimisiún Pleanála fógra faoi fhaisnéis shuntasach bhreise a fuarthas ó Oriel Windfarm Limited i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe seo a leanas dá ngairtear Feirm Ghaoithe Oiriall. Ní mór táille €50 a bheith ag gabháil le haon aighneachtaí/tuairimí (ach amháin i gcás comhlachtaí forordaithe áirithe).

Ní bheidh aon táille le híoc chun aighneacht a dhéanamh i gcás na bpáirtithe/na ndaoine aonair sin a rinne aighneacht bhailí scríofa chuig an gCoimisiún maidir leis an iarratas cheana féin. Ní mór aighneachtaí nó tuairimí a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 13 Bealtaine 2026.

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas freisin a bheith ar áireamh in aighneachtaí/tuairimí den sórt sin:
(a) ainm an duine atá ag déanamh na haighneachta nó atá ag tabhairt na tuairime, ainm an duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, más ann, agus an seoladh chuig ar cheart aon chomhfhreagras a bhaineann leis an aighneacht nó leis an tuairim a sheoladh;
(b) ábhar na haighneachta nó na tuairime;
(c) na cúiseanna, na cúinsí agus na hargóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe ina hiomláine.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar aon aighneacht nó tuairim nach gcomhlíonann na ceanglais thuas.

Leathanach cáis: ABP-319799-25