Léim go dtí an príomhábhar

Clár Oibre na hÉisteachta ó Bhéal ABP-324242-26 131 & 132 Plás an Bhainc, Sráid Thomáis Dáibhis, Mala, Contae Chorcaí

Clár Oibre na hÉisteachta ó Bhéal ABP-324242-26 131 & 132 Plás an Bhainc, Sráid Thomáis Dáibhis, Mala, Contae Chorcaí

24 / 09 / 2026

Cás

Cás Fála Éigeantaí (an tAcht um Láithreáin Thréigthe 1990, arna leasú) maidir le láithreán ag Uimh. 131 & 132 Plás an Bhainc, Sráid Thomáis Dáibhis, Mala, Contae Chorcaí

Dáta

Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair 2026 

Am Tosaithe

10.00 r.n.

Suíomh

Ar líne – MS Teams

CLÁR OIBRE

Am  Topaic

10.00

Oscailt na hÉisteachta ag an gCigire

10.10

Oscailt na hÉisteachta ag an gCigire
Aighneacht ó Chomhairle Contae Chorcaí: 
i.    Forléargas gairid ar an iarratas ar Fháil Éigeantach.
ii.    Réasúnú le fáil an láithreáin agus tagairt á déanamh do na roghanna malartacha a breithníodh.
iii.    Freagra ar na haighneachtaí i scríbhinn a rinne an tAgóideoir.
[20 nóiméad ar a mhéad]

10.30

Aighneacht ón Agóideoir (Brian Downes) 
[20 nóiméad ar a mhéad]

10.50

Freagra ó Chomhairle Contae Chorcaí
[20 nóiméad ar a mhéad]

11.10

Ceistiú idir na páirtithe (más gá) mar a leanas: 

i.    Comhairle Contae Chorcaí chuig an Agóideoir

ii.    An tAgóideoir chuig Comhairle Contae Chorcaí
 
iii.    An Cigire chuig Comhairle Contae Chorcaí agus/nó an tAgóideoir 
[30 nóiméad ar a mhéad]

11.40

Ráitis deiridh (más gá): 
i.    An tAgóideoir 
ii.    Comhairle Contae Chorcaí 
[5 nóiméad ar a mhéad in aghaidh an pháirtí agus ní cheadófar aon saincheisteanna nua ná aon ábhar nua]

11.50

Dúnadh na hÉisteachta ó Bhéal ag an gCigire

Is é cuspóir na héisteachta ó bhéal deis a thabhairt do na páirtithe uile ar mian leo déanamh amhlaidh aighneachtaí breise a dhéanamh agus deis a thabhairt don Chigire soiléiriú a lorg ar aon saincheisteanna ábhartha a thagann chun cinn agus ar aon agóidí a rinneadh. Beidh deis ag na páirtithe freisin ceisteanna a chur nó soiléiriú a lorg maidir le haighneachtaí a rinneadh ag an éisteacht. 

Níl aon oibleagáid ar pháirtí ar bith aighneacht a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal ná ceisteanna a chur ar na páirtithe eile. Breithneoidh an Cigire agus an Coimisiún gach aighneacht i scríbhinn a fuarthas cheana. Dá bhrí sin, ní gá aighneachtaí a rinneadh i scríbhinn roimhe seo a athrá ag an éisteacht ó bhéal.

Iarrtar ar na páirtithe uile aird a thabhairt ar chineál an iarratais seo agus a chinntiú go mbaineann aon chur i láthair nó ceisteanna le cineál an cháis seo. Meabhraítear duit nach bhfuil aon ról ná dlínse ag an gCoimisiún maidir le cúiteamh a chinneadh ná a mheasúnú agus gur cheart é sin a chur san áireamh in aon aighneacht a dhéantar ag an éisteacht seo, ós rud é nach n-éascófar aon phlé maidir le cúiteamh.

Ar chríochnú na héisteachta ó bhéal, ullmhóidh an Cigire tuarascáil agus moladh maidir leis an gcás don Choimisiún. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh toiliú leis an bhFáil Éigeantach nó diúltú toiliú léi. 

Féadfaidh an Coimisiún a ordú go n-íocfar ranníocaíocht i leith na gcostas le haon duine a láithríonn ag éisteacht ó bhéal, ar costais iad a thabhaigh an duine sin de thoradh láithriú ag an éisteacht. Is faoi rogha an Choimisiúin a bheidh aon íocaíocht. Ba cheart aon iarratas ar chostais a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún laistigh de thrí seachtaine ó dháta na héisteachta seo.

Má tá sé ar intinn agat cóip scríofa de d’aighneacht a sholáthar nó áiseanna amhairc a úsáid agus tú ag labhairt (cuir i láthair, léarscáileanna, grianghraif, srl.), ba cheart iad sin a chur faoi bhráid an Bhoird i bhformáid dhigiteach 3 lá oibre ar a laghad sula nglacfaidh tú páirt san éisteacht (agus coinneofar ar chomhad an cháis iad tar éis na héisteachta ó bhéal). 

Déanfaidh soláthraí seirbhíse arna eagrú ag an gCoimisiún Pleanála taifeadadh ar na haighneachtaí a chuirfear i láthair ag an éisteacht ó bhéal seo. Ní cheadaítear duit imeachtaí na héisteachta ó bhéal a thaifeadadh.

Leagtar amach thíos clár oibre agus ord láithrithe na héisteachta ó bhéal, mar aon le hamchlár. Ba cheart do na páirtithe a thabhairt faoi deara gur amchlár táscach amháin é seo agus go bhféadfadh sé athrú le linn na héisteachta ó bhéal. Eiseoidh an Coimisiún Pleanála iarratas chun páirt a ghlacadh sa chruinniú don imeacht fíorúil seo ar Microsoft Teams roimh dháta na héisteachta ó bhéal.