Léim go dtí an príomhábhar

Clár Oibre na hÉisteachta ó Bhéal ACP-323703-25: Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Chomhairle Contae Shligigh (Uimh. 1) – Tionscadal Athghiniúna Champas Chathair Shligigh.

Clár Oibre na hÉisteachta ó Bhéal ACP-323703-25: Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Chomhairle Contae Shligigh (Uimh. 1) – Tionscadal Athghiniúna Champas Chathair Shligigh.

16 / 09 / 2026

Cás Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Chomhairle Contae Shligigh (Uimh. 1) – Tionscadal Athghiniúna Champas Chathair Shligigh. Tailte ag Uimhreacha 10, 12, 13, 14, 15 agus 67 Sráid Holborn, Sligeach.
Dáta 18 Meán Fómhair 2026
Am Tosaithe 10:00 r.n
Suíomh Ar líne – MS Teams

Clár Oibre

10:00

Oscailt na hÉisteachta ag an gCigire

10:15

Aighneacht ó Chomhairle Contae Shligigh: 

i.    Forléargas gairid ar an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh.
ii.    Sonraí faoin idirchaidreamh a bhí ann roimhe seo leis na hAgóideoirí maidir leis na tailte.
iii.    Údar le tithe/talamh a fháil agus tagairt á déanamh do na roghanna eile a breithníodh.
iv.    Freagra ar na haighneachtaí i scríbhinn a rinne na hAgóideoirí.

[30 nóiméad ar a mhéad]

10:45

Aighneacht ó na hAgóideoirí (Martin O’Connor agus Jim Wallace) nó óna n-ionadaí.

[30 nóiméad ar a mhéad]

11.15-11.30 

Sos (15 nóiméad)

11.30

Ceistiú idir na páirtithe (más gá) mar a leanas: 

i. Ceisteanna ó Chomhairle Contae Shligigh ar na hAgóideoirí
ii. Ceisteanna ó na hAgóideoirí ar Chomhairle Contae Shligigh
iii. Ceisteanna ón gCigire ar Chomhairle Contae Shligigh agus/nó ar na hAgóideoirí.

[45 nóiméad ar a mhéad]

12.15 Ráitis deiridh (más gá): 

i.    Agóideoirí 
ii.    Comhairle Contae Shligigh 

[5 nóiméad ar a mhéad in aghaidh an pháirtí agus ní cheadófar aon saincheisteanna nua ná aon ábhar nua]
 
12.30 Dúnadh na hÉisteachta ó Bhéal ag an gCigire


Is é cuspóir na héisteachta ó bhéal deis a thabhairt do na páirtithe uile ar mian leo déanamh amhlaidh aighneachtaí breise a dhéanamh agus deis a thabhairt don Chigire soiléiriú a lorg ar aon saincheisteanna ábhartha a thagann chun cinn agus ar aon agóidí a rinneadh. Beidh deis ag na páirtithe freisin ceisteanna a chur nó soiléiriú a lorg maidir le haighneachtaí a rinneadh ag an éisteacht.  

Níl aon oibleagáid ar pháirtí ar bith aighneacht a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal ná ceisteanna a chur ar na páirtithe eile. Breithneoidh an Cigire agus an Coimisiún gach aighneacht i scríbhinn a fuarthas cheana. Dá bhrí sin, ní gá aighneachtaí a rinneadh i scríbhinn roimhe seo a athrá ag an éisteacht ó bhéal.

Iarrtar ar na páirtithe uile a bheith aireach ar chineál an iarratais seo agus a chinntiú go bhfuil na cuir i láthair nó na ceisteanna ábhartha do chineál an Ordaithe Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) seo. Meabhraítear duit nach bhfuil aon ról ná dlínse ag an gCoimisiún maidir le cúiteamh a chinneadh ná a mheasúnú agus gur cheart é sin a chur san áireamh in aon aighneacht a dhéantar ag an éisteacht seo, ós rud é nach n-éascófar aon phlé maidir le cúiteamh.

Ar chríochnú na héisteachta ó bhéal, ullmhóidh an Cigire tuarascáil agus moladh maidir leis an gcás don Choimisiún. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh an OPO a dhaingniú nó a neamhniú. 

Féadfaidh an Coimisiún a ordú go n-íocfar ranníocaíocht i leith na gcostas le haon duine a láithríonn ag éisteacht ó bhéal, ar costais iad a thabhaigh an duine sin de thoradh láithriú ag an éisteacht. Is faoi rogha an Choimisiúin a bheidh aon íocaíocht. Ba cheart aon iarratas ar chostais a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún laistigh de thrí seachtaine ó dháta na héisteachta seo.

Má tá sé ar intinn agat cóip scríofa de d’aighneacht a sholáthar nó áiseanna amhairc a úsáid agus tú ag labhairt (cuir i láthair, léarscáileanna, grianghraif, etc.), ba cheart iad sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhformáid dhigiteach 3 lá oibre ar a laghad roimh ré sula nglacfar páirt san éisteacht (agus coinneofar ar chomhad an cháis iad tar éis na héisteachta ó bhéal). 

Déanfaidh soláthraí seirbhíse arna eagrú ag an gCoimisiún Pleanála taifeadadh ar na haighneachtaí a chuirfear i láthair ag an éisteacht ó bhéal seo. Ní cheadaítear duit imeachtaí na héisteachta ó bhéal a thaifeadadh.

Leagtar amach thíos clár oibre agus ord láithrithe na héisteachta ó bhéal, mar aon le hamchlár. Ba cheart do na páirtithe a thabhairt faoi deara gur amchlár táscach amháin é seo agus go bhféadfadh sé athrú le linn na héisteachta ó bhéal. Eiseoidh an Coimisiún Pleanála iarratas chun páirt a ghlacadh sa chruinniú don imeacht fíorúil seo ar Microsoft Teams roimh dháta na héisteachta ó bhéal.