Léim go dtí an príomhábhar

Seoladh treoir nua maidir le conas tuiscint a fháil ar chóras toilithe mhuirí na hÉireann

Seoladh treoir nua inniu maidir le conas tuiscint a fháil ar chóras toilithe mhuirí na hÉireann, rud lena dtugtar, den chéad uair riamh, forbhreathnú soiléir ar an dóigh a n-oibríonn príomhúdaráis rialála an Stáit le chéile.

Forbhreathnú ar Róil agus Freagrachtaí na nÚdarás Toilithe agus Rialála maidir le Forbairtí Muirí agus le hÚsáidí Muirí

30 / 04 / 2026

D’fhorbair an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA), ag obair dó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Pleanála (ACP), le Fóram Pleanála Cósta an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA), agus le hOifig an Rialálaí Pleanála (OPR), “Forbhreathnú ar Róil agus Freagrachtaí na nÚdarás Toilithe agus Rialála maidir le Forbairtí Muirí agus le hÚsáidí Muirí” agus mínítear ann an dóigh a n-oibríonn na príomhúdaráis le chéile faoi chreat pleanála muirí na hÉireann, ar creat é atá ag teacht chun cinn.

Dírítear san fhoilseachán ar fhorbairt mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021 (arna leasú), agus ar cheanglais pleanála muirí iomchuí faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, agus faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.

Leagtar amach sa leabhrán na róil chomhairliúcháin, na róil toilithe, na róil chomhlíonta agus, nuair is iomchuí, na róil forfheidhmiúcháin atá ag MARA, ag ACP agus ag na hÚdaráis Pleanála Cósta, agus tugtar tuilleadh faisnéise ann dóibh siúd atá ag déanamh a mbealaigh trí chóras toilithe mhuirí na hÉireann.

Ag labhairt di thar ceann na gcomhpháirtithe, dúirt Laura Brien, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin MARA:

“Is é atá san fhoilseachán seo ná céim thábhachtach i dtreo feabhas a chur ar an tuiscint ar chóras toilithe mhuirí agus pleanála muirí na hÉireann. Forbraíodh é trí chomhoibriú láidir idir na húdaráis iomchuí, agus leagtar róil agus freagrachtaí amach go soiléir ann, rud a thugann tuilleadh trédhearcachta d’fhorbróirí, do gheallsealbhóirí agus don phobal.

Tá pleanáil éifeachtach spáis mhuirí ina cuid ríthábhachtach de leas inbhuanaithe a bhaint as acmhainneacht thimpeallacht mhuirí ilghnéitheach íogair na hÉireann, agus éilítear leis sin comhordú láidir idir pleanáil ar tír agus pleanáil amach ón gcósta, lena n-áirítear údaráis pleanála cósta agus comhlachtaí eile stáit.

Tugtar treoir shoiléir san acmhainn seo maidir leis an dóigh a bhfeidhmíonn an creat cuíchóirithe don fhorbairt mhuirí, agus tarraingítear aird inti ar an bhformhaoirseacht láidir agus ar na coimircí láidre comhshaoil atá i bhfeidhm, chomh maith lena naisc leis an mórchóras pleanála.”

Chuir MARA, ACP, OPR agus na hÚdaráis Pleanála Cósta an doiciméad le chéile go comhoibríoch chun tacú le tuilleadh trédhearcachta agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm chreat pleanála muirí na hÉireann.

Tá an leabhrán “Forbhreathnú ar Róil agus Freagrachtaí na nÚdarás Toilithe agus Rialála maidir le Forbairtí Muirí agus le hÚsáidí Muirí” ar fáil lena léamh agus lena íoslódáil ag:

www.maritimeregulator.ie
www.pleanala.ie
www.opr.ie

Eolas Breise