Léim go dtí an príomhábhar

Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe

Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe

10 / 07 / 2025

Ní mór d’úinéirí talún achomhairc maidir leis an gCáin Talún Cónaí-Chriosaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála faoin 1 Lúnasa 2025.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh le casadh an phoist chuig An Rúnaí, An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, nó tríd an ríomhphost chuig appeals@pleanala.ie.

Ní ghearrtar aon táille i leith achomharc Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe a dhéanamh.
Agus an t-achomharc á dhéanamh agat, tabhair d’ainm, do sheoladh, cóip den fhógra faoin gcinneadh, tagairt don talamh atá i gceist, aon uimhir thagartha iomchuí, agus forais an achomhairc. Níl aon fhoráil ann maidir le hachomhairc tríú páirtí a dhéanamh i leith cásanna Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe.
Tabhair faoi deara freisin nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le hachomharc a dhéanamh in aghaidh iarrataí athchriosaithe chuig an gCoimisiún Pleanála.

Má bhíonn aon cheisteanna eile agat maidir le hachomhairc Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe, is féidir leat ár bhfaisnéis teagmhála a fháil ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn.