Ráiteas: Seasamh maidir le hIdirghabháil i gcásanna Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh ar chinntí ón gCoimisiún Pleanála
06 / 11 / 2025
I roinnt alt preasa a foilsíodh an 4 agus an 5 Samhain 2025, bhí ráiteas mícheart á rá go rachadh an Coimisiún Pleanála i mbun idirghabhála le Alcove Ireland Three Ltd i ndáil le hagóid i gcoinne Chinneadh ABP-320164-24 maidir le hOrdú Iarnróid i leith DART+ an Chósta Thuaidh.Chun an scéal a shoiléiriú, níor iarradh ar an gCoimisiún Pleanála dul i mbun aon idirghabháil, agus níor thug sé aon ghealltanas go ndéanfadh sé amhlaidh ach oiread.
Ní théann an Coimisiún Pleanála i mbun aon idirghabháil i ndáil le hagóid i gcoinne ceann amháin de na cinntí uaidh. Is léiriú é sin ar an ról dlí phoiblí atá ag an gCoimisiún, áit a ndéanaimid cinntí de réir reachta, de réir pleanála agus de réir an leasa choitinn. Tá rúndacht i gceist le hidirghabháil (mar atá leagtha amach in alt 10 den Acht Idirghabhála, 1997), agus bheadh an rúndacht sin bunoscionn leis na hoibleagáidí trédhearcachta atá orainn mar chinnteoir reachtúil agus leis na leasanna atá ag tríú páirtithe.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge