Léim go dtí an príomhábhar

Dearbhú Éigeantach faoi Alt 588 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú).

Dearbhú Éigeantach faoi Alt 588 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú).

 

Dearbhú Éigeantach faoi Alt 588 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú)

Section 588(1)

 

Ceanglaítear le halt 588(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), go mbeidh dearbhú ag gabháil le gach aighneacht nó barúil maidir le hiarratais phleanála a dhéantar faoi Chuid 4 nó faoi Chuid 6 d’Acht 2024, á rá nach ndéantar an aighneacht ná an bharúil chun na gcríoch seo a leanas –
(a)    Moill a chur ar aon fhorbairt nó forbairt bheartaithe a chur i gcrích, nó
(b)    A áirithiú go n-íocfar aon chomaoin le haon duine nó go ndéanfar aon ní eile chun tairbhe aon duine.

Section 588(2)

 

Ceanglaítear le halt 588(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), go mbeidh dearbhú i cibé foirm a fhorordófar, arna dhéanamh ag an duine a dhéanann an t-achomharc (seachas i gcás inarb é an t-iarratasóir ar an gcead lena mbaineann a dhéanann an t-achomharc), ag gabháil le gach achomharc chuig an gCoimisiún faoi Chuid 4, á rá nach ndéantar an t-achomharc chun na gcríoch seo a leanas –
(a)    Moill a chur ar aon fhorbairt nó forbairt bheartaithe a chur i gcrích, nó
(b)    A áirithiú go n-íocfar aon chomaoin le haon duine nó go ndéanfar aon ní eile chun tairbhe aon duine.

Section 588(4)(a)

 

Ceanglaítear le halt 588(4)(a) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), go mbeidh dearbhú i cibé foirm a fhorordófar, arna dhéanamh ag an duine a thugann fógra don Choimisiún go bhfuil sé nó sí ag tarraingt siar aighneachta nó barúla faoi Chuid 4 nó faoi Chuid 6, ag gabháil leis an bhfógra sin, á rá nach chun a áirithiú go n-íocfar aon chomaoin le haon duine nó go ndéanfar aon ní eile chun tairbhe aon duine a tharraingítear siar an aighneacht nó an bharúil.

Section 588(4)(b)

 

Ceanglaítear le halt 588(4)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), go mbeidh dearbhú i cibé foirm a fhorordófar, arna dhéanamh ag an duine a thugann fógra don Choimisiún go bhfuil sé nó sí ag tarraingt siar achomhairc faoi Chuid 4, ag gabháil leis an bhfógra sin, á rá nach chun a áirithiú go n-íocfar aon chomaoin le haon duine nó go ndéanfar aon ní eile chun tairbhe aon duine a tharraingítear siar an t-achomharc.

Illustration of planners and architects reviewing planning documents