Marie O’Connor
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Marie O’Connor mar ghnáthchomhalta den Bhord an 16 Meán Fómhair 2024 go dtí an 15 Meán Fómhair 2029.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Tá sí ag teacht isteach sa Bhord Pleanála ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, áit ar shealbhaigh sí roinnt ról ceannaireachta ó thosaigh sí ag obair leis an eagraíocht mar chigire sa bhliain 1995. Áiríodh leo sin an ról mar chomhalta den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca. Ag obair di mar Bhainisteoir ar an gClár um Cheadúnú Comhshaoil ó mhí Aibreáin 2019, bhainistigh Marie an obair chun cinntí a thabhairt ar iarratais ar cheadúnas/cead comhshaoil ar fud raon earnálacha difriúla, lenar áiríodh cóireáil mhórscála fuíolluisce thionsclaíoch, fuinnimh, talmhaíochta agus bhardasaigh agus sceitheadh muirí.
Sealbhaíonn sí bunchéim agus iarchéim i gCeimic Thionsclaíoch (Ollscoil Luimnigh), céim mháistreachta sa dlí Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh), agus ard-dioplóma sa dlí Pleanála agus Comhshaoil (Óstaí an Rí).