Léim go dtí an príomhábhar

Anne Graham

Comhalta den Bhord Rialaithe

Anne Graham

Comhalta den Bhord Rialaithe


Bhí Anne Graham ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an Údarás Náisiúnta Iompair ar feadh tréimhse 10 mbliana suas go mí na Nollag 2024. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar, a rialáil agus a chomhtháthú, as bonneagar tacaíochta a sholáthar d’iompar inbhuanaithe agus as úsáid mhéadaithe iompair inbhuanaithe mar mhodh roghnaithe a chothú. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir um Sheirbhísí Iompair Phoiblí agus mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha laistigh den Údarás roimhe sin.

Sula ndeachaigh sí isteach san Údarás Náisiúnta Iompair, d’oibrigh sí in údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath ar feadh níos mó ná 20 bliain mar innealtóir sibhialta cairte i rannóga draenála, bóithre agus tráchta, mar bhainisteoir tionscadal i ndáil le limistéar Shráid Uí Chonaill Bhaile Átha Cliath a athfhorbairt agus mar Bhainisteoir Limistéir i limistéar Thiar Theas na cathrach.

Ceapadh Anne mar Chathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre i mí Feabhra 2025. Sealbhaíonn sí Baitsiléir Innealtóireachta (Sibhialta) agus Máistreacht san Eolaíocht Innealtóireachta (Iompar) ó UCD, mar aon le Máistreacht i Riarachán Gnó ó DCU. Fuair sí comhaltacht oinigh ó Innealtóirí Éireann freisin.