Penelope Kenny
Comhalta den Bhord Rialaithe
Is Cuntasóir Cairte í Penelope Kenny. Shealbhaigh sí raon fairsing post tábhachtach in ionstraimí corparáideacha éagsúla roimhe seo, lenar áiríodh cuideachtaí poiblí teoranta, cuideachtaí gníomhaíochta ainmnithe, cuideachtaí príobháideacha, agus comhlachtaí stáit. Bhí sí ina comhalta Boird agus ina Cathaoirleach ar an gcoiste Iniúchóireachta agus Riosca do Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin.
Bhí Penelope ina comhairleoir cuideachta freisin. Tá sí ina stiúrthóir Sinsearach Neamhspleách ar Kroo Bank Ltd, áit a bhfuil sí ina Cathaoirleach ar an gcoiste Iniúchóireachta agus ar an gcoiste um Chaidreamh le hInfheisteoirí agus ina comhalta den choiste Riosca. Is Baincéir Cairte í freisin, agus bhain sí an teastas idirnáisiúnta i rialachas corparáideach amach ó Chlár Stiúrthóirí Idirnáisiúnta INSEAD sa Fhrainc. Tá sí ina hambasadóir INSEAD don Líonra Stiúrthóirí idirnáisiúnta chomh maith.
Tá sí ina comhalta d’Institiúid na Stiúrthóirí. Tá céim mháistreachta aici i mBeartas Cultúrtha ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus d’fhoilsigh Cuntasóirí Cairte Éireann an leabhar a scríobh sí ar Rialachas Corparáideach. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann roimhe seo, agus tá sí ina Stiúrthóir ar Ghailearaí Ealaíne Crawford i gCorcaigh faoi láthair. Tá Penelope ina Comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, agus bhí sí ina comhalta de Chomhairle na hInstitiúide roimhe sin.