Léim go dtí an príomhábhar

Peter Dennehy

Comhalta den Bhord Rialaithe

Peter Dennehy

Comhalta den Bhord Rialaithe


Tá Peter ina Abhcóide cleachtach (BL) i gCleachtadh Ginearálta ag Barra na hÉireann, a dhéanann speisialtóireacht sa Dlí Rialála, sa Dlí Pleanála, Comhshaoil agus Aeráide, i nDlí na gCuideachtaí, sa Dlí Fostaíochta agus san Athbhreithniú Breithiúnach. Is Innealtóir Cairte agus Idirghabhálaí agus Eadránaí Creidiúnaithe é Peter. Tá sé ina Chomhalta d’Innealtóirí Éireann agus d’Institiúid Chairte na nEadránaithe.

Bhain Peter céim BA, BAI san Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus d’oibrigh sé sa tionscal teileachumarsáide in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i dtús a ghairme sular ceapadh é mar Cheann um Measúnú Comhréireachta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú sa Ghinéiv, an Eilvéis. In Éirinn, shealbhaigh sé róil ardbhainistíochta san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, i mBord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus sa Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil.