Is féidir leat do tháille a íoc ar líne tríd an áis uaslódálaí ar líne. Tar éis do thuairim a sheoladh chun bealaigh, gheobhaidh tú ríomhphost admhála go bhfuaireamar í. Ní mór dúinn do thuairim ar líne a bheith againn faoi 5.30 tráthnóna ar an lá deiridh chun tuairim a chur isteach.
Ní mó duit do thuairim a bheith criochnaithe agat agus é sábháilte agat mar dhoiciméad Microsoft Word nó PDF, chun an áis uaslódálaí ar líne a úsáid. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB). Ní dhéantar an tuairim ar do shon san áis uaslódálaí ar líne. |
Conas a ullmhaím doiciméad tuairime?
Is féidir leat do thuairim a ullmhú tríd an bhfoirm tuairime a úsáid nó trí do thuairim a scríobh agus ansin í a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF. Má tá tuairim lámhscríofa le tabhairt agat, ní mór duit í a scanadh agus a shábháil mar PDF. Ní féidir ach doiciméad amháin a uaslódáil ar líne. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB). Ainmnigh do dhoiciméad ar cheann amháin den dá shlí seo:
Slite le doiciméad a ainmniú | Sampla |
Cásuimhir agus d’ainm | 300000 – Ann Duine |
Ainm agus suíomh na forbartha agus d’ainm | Tionscadal Chearnóg an Bhaile, Baile an Bhaile – John Murphy |
Leid: Bí cinnte nach gcuireann tú lánstad ag deireadh ainm do dhoiciméid (.).
Cad a bheith uaim chun an tuairim a uaslódáil ar líne?
Má úsáideann tú an áis uaslódálaí ar líne, beidh:
✔ | Leagan suas chun dáta de bhrabhsálaí idirlín ar nós Microsoft Edge, Chrome, Firefox nó Safari. |
✔ | seoladh ríomphoist uait chun ríomhphost admhála a fháil le taispeáint go bhfuaireamar do thuairim. |
✔ | do thuairim a bheith sábháilte mar dhoiciméad Microsoft Word nó PDF. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB). |
✔ | sonraí an iarratais ar mian leat tuairim a thabhairt air. Seo hiad na sonraí a nglacann an t-uaslódálaí leo:
|
✔ | cárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc. |
Conas a úsáidim an t-uaslódálaí?
Chun an t-uaslódálaí a úsáid, gabh chuig https://online.pleanala.ie/ga-ie/planning-appeals/observation. Ar an uaslódálaí, tabharfar thú trí na leathanaigh / céimeanna is gá chun do dhoiciméad a uaslódáil. Seo an chéad leathanach den uaslódálaí
Lch 1 | Tús eolais |
Lch 2 | Ar bharr an leathanaigh seo, ní mór duit na rudaí seo a leanas a thabhairt:
Feicfear an tuairim sa bhosca liath, tar éis í a uaslódáil.
|
Lch 3 | Ar an leathanach caithfidh tú na nithe seo a leanas a thabhairt:
|
Lch 4 | Ar an leathanach seo, iarrfar ort an bhfuil tú réidh leis an tuairim a thabhairt:
Nuair a bheidh tú reidh, cliceáil ar Íoc agus críochnaigh agus seolfar do thuairim isteach. |
Lch 5 | Feicfidh tú scáileán Deimhnithe má éiríonn leat an tuairim a uaslódáil. . Gheobhaidh tú admháil i ríomhphost le taispeáint go bhfuaireamar do thuairim. Má tá aon fhadhb leis, lean na treoracha ar an scáileán. |
Cá fhad a bheidh agam leis an uaslódáil a dhéanamh?
Níl aon teorainn ama ann chun an tuairim a uaslódáil. Mar sin féin, má dhúnann tú an leathanach agus má fhágann tú an próiseas, beidh ort tosú arís as an nua.
An íocaim an táille nuair a uaslódáim an doiciméad?
Íocann. Beidh cárta sochair nó creidmheasa uait leis an táille cheart a íoc. Féach chuige go bhfuil dóthain airgid i do chuntas de bhrí go mbainfear an íocaíocht ag an am céanna agus a uaslódálann tú do dhoiciméad.
An féidir liom an doiciméad a uaslódáil agus an táille a íoc níos déanaí?
Ní féidir. Má úsáideann tú an uaslódálaí, caithfidh tú íoc le cárta dochair nó creidmheasa. Más mian leat an táille a íoc ar aon slí eile, ní mór duit:
- do thuairim a chur chugainn leis an bpost, nó
- do thuairim a thabhairt do bhall foirne inár n-oifig.
Ní gá. Is féidir tuairim a chur chugainn leis an bpost nó é a thabhairt do bhall dár bhfoireann inár n-oifig.
An féidir an t-uaslódálaí a úsáid chun mo thuairim a chur isteach agus na hábhair thacaíochta a chur isteach leis an bpost?
Ní féidir. Más mian leat ábhair thacaíochta ar nós grianghraif chlóite, líníochtaí páipéir nó DVDanna a chur isteach mar chuid de do thuairim, ní mór duit an tuairim a chur chugainn leis an bpost nó í a thabhairt do bhall foirne inár n-oifig.
An féidir liom an t-uaslódálaí a úsáid agus cóip páipéir den tuairim chéanna a chur isteach leis an bpost?
Ní féidir. Ná húsáid ach modh amháin chun do thuairim a chur isteach, ar líne tríd an uaslódálaí nó i bpáipéar (leis an bpost nó go pearsanta san oifig).
Tá fadhb agam leis an uaslódálaí? Cé léi nó leis ar chóir dom labhairt?
Má tá fadhb agat leis an uaslódála, seol ríomhphost chuig an deasc chabhrach ag onlinesupport@pleanala.ie
An ndéanfaidh tú teagmháil liom le linn an phróisis iarratais trí ríomphost?
Ní dhéanfaidh. Cuirfimid litir chugat leis an bpost le linn an phróisis iarratais. Ní bhfaighidh tú ríomhphost uainn ach amháin le taispeáint go bhfuaireamar do dhoiciméad tuairime.
Cliceáil anseo chun an próiseas aighneachta ar líne a thosú.