Léim go dtí an príomhábhar

Iarraidh ar Thuairim maidir le Solúbthacht

Ba cheart iarraidh ó iarratasóir ionchasach chuig an mBord ar thuairim maidir le solúbthacht faoi alt 37CC nó faoi alt 182F den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, a chur faoi bhráid an Bhoird mar chuid de na comhairliúcháin faoi alt 37B nó faoi alt 182E den Acht.

Is i scríbhinn a bheidh aon iarraidh, agus beidh na nithe seo a leanas inti— 

(a)     ainm agus seoladh an iarratasóra ionchasaigh, 

(b)     léarscáil de shuíomh an láithreáin atá dóthanach chun an talamh ar a mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite a shainaithint, 

(c)    tuairisc ghairid ar chineál agus cuspóir na forbartha beartaithe agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aici ar an gcomhshaol,

(d)     dréachtphlean leagan amach don fhorbairt bheartaithe, 

(e)     tuairisc ar na nithe seo a leanas— 
(i)     na mionsonraí, nó na grúpaí mionsonraí, faoin bhforbairt bheartaithe nach dócha, de bharr na n-imthosca atá leagtha amach i bhfomhír (ii), go mbeidh siad deimhnithe tráth an iarratais bheartaithe, agus    
(ii)    na himthosca a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe, lena n-áirítear cibé imthosca a fhorordóidh an tAire i ndáil le haon aicme forbartha nó aon tuairisc forbartha chun críocha na fomhíre seo, a léiríonn gur cuí an t-iarratas beartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, sula mbeidh na mionsonraí dá dtagraítear i bhfomhír (i) deimhnithe ag an iarratasóir ionchasach, lena n-áirítear, go háirithe, cé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-iarratasóir ionchasach in ann leas a bhaint as teicneolaíocht a bheidh ar fáil tar éis an t-iarratas beartaithe a dhéanamh, ar teicneolaíocht í a bheidh níos éifeachtaí nó níos éifeachtúla ná an teicneolaíocht atá ar fáil tráth an iarratais,

 (f)     gealltanas á rá go soláthrófar in éineacht leis an iarratas beartaithe— 
 (i)     dhá rogha nó níos mó, i leith gach mionsonra nó grúpa mionsonraí dá dtagraítear i mír (e)(i), ina bhfuil faisnéis ar ar a bonn a fhéadfar an iarraidh bheartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, nó
(ii)     paraiméadair ar laistigh díobh a thiocfaidh gach mionsonra dá dtagraítear i mír (e)(i) agus ar ar a mbonn a fhéadfar an iarraidh bheartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, nó
(iii)     teaglaim d’fhomhíreanna (i) agus (ii), 

(g)     cibé faisnéis, líníochtaí nó uiríll eile is mian leis an iarratasóir ionchasach a sholáthar nó a chur ar fáil, agus 

(h)     cibé faisnéis eile a fhorordófar.

Ba cheart Foirm Uimh. 20 de Sceideal 3 a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú, a chur isteach in éineacht leis an iarraidh. 
 

Táillí

Ní cheanglaítear aon táille a íoc i leith iarrataí faoi alt 37CC nó faoi alt 182F den Acht. 
 

Cruinniú

Tionólfar cruinniú amháin chun tuairim a thabhairt maidir le solúbthacht. Déanfaidh an Bord taifead d’aon chruinnithe arna dtionól. Seolfaidh sé cóip den taifead chuig an iarratasóir ionchasach a luaithe is féidir tar éis an chruinnithe. 
 

Rúndacht

Coinneofar faoi rún gach iarraidh maidir le solúbthacht roghanna deartha agus aon tuairim arna heisiúint ag an mBord, agus ní dhéanfar iad a phoibliú ach amháin nuair a bheidh iarratas pleanála déanta chuig an mBord. 
 

Tuairim

I gcás gur deimhin leis go bhfuil imthosca cuí ann, eiseoidh an Bord tuairim, ina leagfar amach na mionsonraí a bhféadfaidh an t-iarratasóir ionchasach iad a dheimhniú tráth níos déanaí agus na himthosca a mheastar a bheith cuí chun gur féidir le hiarratas dul ar aghaidh ar an mbonn sin.  Foráiltear dó sin faoi alt 37CD agus faoi alt 182G den Acht.  Tá sé de rogha ag an mBord freisin a chinneadh nach deimhin leis go bhféadfar an t-iarratas a dhéanamh sula ndeimhneofar mionsonraí áirithe faoin iarratas. 

Agus cead nó ceadú á dheonú i leith aon iarratas pleanála, ní mór don Bhord coinníoll a cheangal ina leagtar amach na roghanna ceadaithe agus/nó na paraiméadair cheadaithe i leith na mionsonraí neamhdheimhnithe agus ina gceanglaítear ar an iarratasóir an mionsonra iarbhír faoin bhforbairt lena mbaineann an coinníoll a dheimhniú sula dtosófar an chuid sin den fhorbairt.