Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Cásanna eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt

Cásanna eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000:

Alt 37(6) Iarratas sealbhóra thadhlaigh ar chead achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh údaráis phleanála ar iarratas pleanála.
Alt 146A Cumhacht an Bhoird chun aon chinneadh dá ndéanann sé a leasú chun críocha, inter alia, aon earráid chléireachais nó theicniúil ann a cheartú.
Alt 172(3) Iarratas iarrthóra/ábhair iarrthóra ar chead pleanála ar a bheith saor ón riachtanas atá ann ráiteas faoin tionchar ar an gcomhshaol (RTC) a ullmhú maidir le hiarratas pleanála.
Alt 173(3) Iarratas ó dhuine RTC a raonáil más é an chaoi é go bhfuil iallach air RTC a chur faoi bhráid an Bhoird.
Alt 203(2) Aighneacht údaráis phleanála ag iarraidh go ndaingneofaí ordú um limistéar taitneamhachta speisialta.