Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Acht Pleanála agus Forbairt 2000 (arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach)) Acht 2006.

Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) faoi Acht Pleanála agus Forbairt 2000 (arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach)) Acht 2006.

Catagóir 1: An Seachtú Sceideal FBS

Alt 37A/37E

Iarratas ar chead le haghaidh forbartha beartaithe a shonraítear sa Seachtú Sceideal a chinn an Bord a cháilíonn mar fhorbairt bonneagair straitéisigh faoi threoir na gcritéar atá leagtha amach in alt 37A. Déantar an t-iarratas seo go díreach chuig an mBord.

Alt 37B

Iarratas ar chomhchomhairliúcháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe a thagann faoi réim an Seachtú Sceidil.

Alt 37D

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe a thagann faoi réim an Seachtú Sceidil agus a measadh a bheith ina bhonneagar straitéiseach.

Alt 37G (10)

Tarchur chuig an mBord le haghaidh cinneadh mionsonraí a bhí le haontú idir forbróir agus an t-údarás pleanála faoi théarmaí coinníollach arna cheangal le deonú ceadaithe (faoi alt 37G) agus nár aontaíodh amhlaidh.

 

Catagóir 2: Forbairtí áirithe Stáit a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta / measúnacht chuí

Alt 181A/181B

Iarratas údaráis stáit ar fhormheas maidir le haicmí áirithe forbartha beartaithe a shainítear in airteagal 86 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 agus a n-éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta (m.sh. slándáil íogair agus forbairt bheartaithe eile dá sórt).

Alt 181C(1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar chomhchomhairliúcháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 181A.

Alt 181C(3)(a)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar chinneadh ón mBord maidir le cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt nó forbairt bheartaithe d'aicme atá leagtha amach in airteagal 86 éifeacht shuntasach ar an gcomhshaol agus go mbeidh gá le measúnacht tionchair timpeallachta nó gá le measúnacht chuí faoin Treoir um Ghnáthóga dá réir.

Alt 181C(3)(b)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) nó ar scóip ráitis tionchair Natura (NIS) a leagan síos i gcás forbartha beartaithe a mbaineann alt 181A léi.

Alt 181B(2)

Deonú díolúine ón mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 181A ó riachtanas chun RTT nó NIS a réiteach.

Airteagal 123A

Iarratas chuig an mBord ar chinneadh cibé an dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht ag forbairt fo-thairseach Stáit atá beartaithe faoin alt 181 agus dá bhrí sin go mbeidh RTT agus iarratas le haghaidh ceadú ón mBord ag teastáil faoin alt 181A.

Airteagal 254

Iarratas ar chinneadh cibé an dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag forbairt Stáit ar shuíomh Eorpach atá beartaithe faoin alt 181 agus dá bhrí sin go mbeidh measúnacht agus iarratas le haghaidh ceadú ón mBord ag teastáil faoin alt 181A.

 

Catagóir 3: Forbairt Bonneagair Straitéisigh le haghaidh Tarchur Leictreachais

Alt 182A

Iarratas ar fhormheas maidir le forbairt bheartaithe comhdhéanta de nó chun críocha tarchur leictreachais mar a shainítear i bhfo-alt (9) de alt 182A.

Alt 182B(2)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A ó riachtanas chun RTT a réiteach.

Alt 182E(1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh chun comhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A.

Alt 182E(3)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A.

 

Catagóir 4: Forbairt Bonneagair Straitéisigh Gáis

Alt 182C

Iarratas ar fhormheas maidir le forbairt bonneagair straitéisigh gáis bheartaithe mar a shainítear in alt 2(1) d'Acht Pleanála 2000 (mar a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006.

Alt 182D(2)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach.

Alt  182E(1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh chun comhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C.

Alt 182E(3)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C.

 

Catagóir 5: Forbairt Bonneagair Straitéisigh Údaráis Áitiúil faoi na hAchtanna Pleanála

Iarrtar ort aird a thabhairt nach bhfuil aon fhorálacha a éilíonn comhchomhairliucháin réamhiarratais i ndáil leis na hiarratais údaráis áitiúil seo.

Alt 175

Iarratas ar fhormheas le haghaidh forbartha bheartaithe údaráis áitiúil a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann (seachas forbairtí bóthair).

Alt 175(8)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann Alt 175 ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach.

Airteagal 117 de na Rialacháin Pleanála 2001

 

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos i gcás forbairt bheartaithe agus a mbaineann alt 175 léi.

Airteagal 120(3) de na Rialacháin Pleanála 2001

Iarratas chuig an mBord ar chinneadh cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt fo-thairseach bheartaithe údaráis áitiúil éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht agus an éilíonn sé measúnacht tionchair timpeallachta dá réir.

Alt 226 – Forbairt Urthrá

Iarratas ar fhormheas le haghaidh forbartha bheartaithe údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe a chur i gcrích go hiomlán nó go páirteach ar an urthrá agus a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta.

Alt 175(8)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann Alt 226.

Alt 226(6)

Tarchur ón údarás áitiúil nó ón Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, chuig an mBord ag éileamh go ndéanfadh sé cinneadh cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt bheartaithe fo-thairseach údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe a chur i gcrích go hiomlán nó go páirteach ar an urthrá éifeacht shuntasach ar an timpeallacht agus an éilíonn sé measúnacht tionchair timpeallachta dá réir.