Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Cairéil

Gheofar in Alt 261A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna chur isteach ag alt 75 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Leasú) rialuithe breise ar oibríochtaí cairéil. Sannadh feidhmeanna breise ar an mBord Pleanála faoin alt.

Fo-ailt 261A (3), (4), (5) & (6)

Duine ar a seirbheálann Údarás Pleanála fógraí nó duine a dtugtar cóipeanna d'fhógraí dá sórt dó nó di, faoi mar a éilítear faoin alt, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar athbhreithniú ar chinntí éagsúla de chuid údarás áitiúil maidir le stádas dlí cairéal maidir leis an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol de chuid an AE agus Treoracha an AE maidir le Gnáthóga. Déantar iarratais ar athbhreithniú faoi fho-alt (6) agus leagtar amach san fho-alt sin sonraí na nithe a d'fhéadfaí a athbhreithniú agus an nós imeachta don athbhreithniú. (Dhéanfaí na fógraí i dtrácht a sheirbheáil ar úinéirí agus/nó oibreoirí na gcairéal agus cheanglóidís ar na húinéirí/ar oibreoirí na gcairéal iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar thoiliú ionadach nó chuirfeadh sé in iúl dóibh go raibh i gceist ag an údarás pleanála beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh lena gceanglófaí deireadh a chur le hoibriú an chairéil). I gcás ceangal a bheith curtha ar úinéirí nó ar oibreoirí aon chairéil iarratas a dhéanamh ar thoiliú ionadach ní mór an t-iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála faoi Pháirt XA agus alt 177E den Acht.

 

Rinneadh leasuithe sa bhreis ar na hAchtanna Pleanála, arna leasú, agus dá bhrí sin mar gheall ar fhorbairt cairéil tá na hiarratais seo a bhaineann leo agus atá leagtha amach thíos le fáil:

Fo-alt 261A(20)

I gcás nárbh féidir iarratas ar thoiliú ionadach faoi fhorbairt cairéil a dhéanamh chuig an mBord Pleanála faoin bpróiseas i mbunalt 261 (arna chur isteach le Rialachán 8 an AE (MTT agus Gnáthóga) (Uimh. 2) Rialacháin 2015).

Alt 37L

Iarratas díreach chuig an mBord Pleanála le haghaidh forbairt cairéil a dhéanamh, forbairt ina mbeidh gá le hiarratas ar thoiliú ionadach a fháil de bharr stair cairéalachta an tsuímh arna chur isteach le Rialachán 4 an AE (MTT agus Gnáthóga) Rialacháin 2015.