Léim go dtí an príomhábhar

Achomhairc pleanála neamhbhailí

Na cúiseanna a mbíonn achomhairc pleanála áirithe neamhbhailí

Nuair a fhaighimid achomharc, déanaimid seic go gcloíonn an t-achomharc leis na critéir dochta a leagtar amach sa dlí a bhaineann le hachomharc bailí. Chuile bhliain, fógraítear go mbíonn 8% go 10% de na hachomhairc a fhaightear san oifig neamhbhailí. Tá roinnt cúiseanna a bhfógraítear go bhfuil achomharc neamhbhailí. Roinnt de na príomhchúiseanna atá ann ná:

Táillí Baineann táillí áirithe leis na cineál achomharc éagsúil. Caithfear go n-íocfar an táille oiriúnach ag an am céanna a chuirtear isteach an t-achomharc. Muna n-íocfar táille ar bith nó muna gcloíonn méid na táille leis an méid atá oiriúnach, beidh an t-achomharc neamhbhailí.
 
Déanach

Tá ceithre seachtaine ann le hachomharc a chur isteach, ag tosú ón lá a dhéantar cinneadh ag an údarás pleanála. Is tábhachtach an rud é a thabhairt faoi deara nach dtosaíonn an tréimhse cheithre seachtaine seo ar an lá a fhaigheann tú an cinneadh.

Tá áireamhán ar fáil ar an suíomh idirlíne againn le cabhrú leat an lá is déanaí le hachomharc a chur isteach a chinntiú. Caithfear go bhfaightear an t-achomharc faoi 5.30in ar an lá deireanach a cheadaítear achomharc a chur isteach. Ní ghlacfar le hachomhairc a fhaightear tar éis 5.30in ar an lá deireanach agus beidh siad neamhbhailí, fiú má tá siad postmharcáilte ar an lá deireanach.

Ainm agus Seoladh Caithfear go bhfuil ainm agus seoladh an duine atá ag cur an achomhairc isteach ar an doiciméad. Má tá gníomhaire pleanála nó comhairleoir ag obair ar do shon, caithfear go bhfuil a (h)ainm agus s(h)eoladh ann chomh maith leo siúd atá agat.
 
Gan admháil

Maidir le hachomhairc ó daoine nach iarrthóirí iad go hiarratas pleanála (tríú pháirtí), deirtear sa dlí go gcaithfear admháil a fháil ón údarás pleanála a chinntíonn gur chuir tú aighneacht isteach ag céim an iarratais leis an údarás pleanála.

Muna raibh tú páirteach ag céim an iarratais, de ghnáth ní féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis pleanála. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh tú in ann achomharc a chur isteach agus faightear tuilleadh eolas sa bhileog eolais "Céard iad na hábhair achomhairc atá ar fáil dom?" ar na cásanna airithe seo.

Má chuireadh achomharc isteach ar an iarratas cheana féin ag duine eile, b'fhéidir go gcuirfeá tuairim isteach ar an gcás. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh idirlíne atá againn maidir le tuairimí agus an difríocht atá eatarthu agus achomhairc.

Cúis nó ábhar an achomhairc

Caithfear ráiteas nó 'forais' a bheith ag achomhairc bailí ina bhfuil na cúiseanna pleanála ar cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh cinneadh an údaráis pleanála a achomharc.

Achomharc a chur i mbosca litreach na hoifige

Ní féidir linn glacadh le d'achomharc má chuirtear sa bhosca poist é, mar ní cloífidh sé sin le riachtanais achomhairc bailí. Má tá am fágtha le d'achomharc a chur isteach, is féidir leat é a chur sa phost nó a chur chugainn go pearsanta do dhuine ón bhfoireann anseo ar an lá oibre dar gcionn a bhfuil an oifig ar oscailt. Caithfear go bhfuil d'achomharc faighte againn faoi 5.30in ar an lá deireanach gur féidir achomharc a chur isteach, áfach.

 

I ndiaidh do dearbhú a dhéanamh go bhfuil achomharc neamhbhailí

If your appeal is invalid, we will return your documents and the fee will also be refunded to you. Sometimes the documents from your invalid appeal may be returned to you before the fee refund.

Má tá go leor ama fágtha agus má tá tú in ann na ceanglais dlíthiúla a shárú, is féidir leat d'achomharc a chur isteach arís. Is féidir teacht ar na riachtanais a bhfuil ag teastáil chun achomharc bailí a dhéanamh sa bhileog eolais againn maidir le achomharc a chur isteach.

Tabhair faoi deara go gcaithfear an táille iomlán a íoc arís má tá tú ag cur d'achomhairc isteach arís, fiú muna bhfuil d'aisíoc táille faighte agat go fóill. Is fiú é seo le chinntiú go gcloíonn tú le riachtanas achomhairc bailí.