Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim ar iarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta ar líne

Is féidir le duine ar bith tuairim scríofa a thabhairt don Bhord Pleanala ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta.

Is féidir le duine ar bith tuairim scríofa a thabhairt don Bhord Pleanala ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta. Nuair a thugann tú do thuairim, deirtear go bhfuil tuairim á tabhairt agat nó aighneacht á déanamh agat. Ní mór duit an tuairim a thabhairt laistigh den teorainn ama cúig seachtaine ón uair a fhaigheann An Bord Pleanála d’iarratas. Ní mór duit táille a íoc ach amháin más comhlacht forordaithe thú. Ní mór dúinn do thuairim ar líne a bheith againn faoi 5.30 tráthnóna ar an lá deiridh chun tuairim a chur isteach.

D’fhéadfadh an treoir físe seo cabhrú leat le do phróiseas breathnóireachta.

Link to YouTube SHD video guide

1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim
2. Conas tuairim a thabhairt
3. An tuairim a sheoladh ar líne
 

Trí chéim atá i gceist i dtuairim a thabhairt ar líne.

1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim

Chun tuairim bhailí a chur chuig an mBord Pleanála, ní mór duit:

do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)

d’ainm agus do sheoladh poist féin a thabhairt go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.

dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:

  • ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile)
  • uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000).
  • na forais phleanála le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus
  • aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime
a thabhairt dúinn

fáil a bheith agat ar chárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc.

  • tuairim ar thithíocht straitéiseach - €20
  • tuairim ar thithíocht straitéiseach agus iarratas ar éisteacht ó bhéal - €70

an tuairim a thabhairt in am agus laistigh den teorainn ama cúig seachtaine ag tosú ar an lá a fhaigheann An Bord Pleanala an t-iarratas. Is féidir an dáta ar taisceadh an cás agus a bhfuair An Bord Pleanála é a sheiceáil.

an doiciméad tuairime a chríochnú agus a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF ina mbeidh d’ainm agus sonraí an cháis. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 10MB). Tar éis é a shábháil, ba chóir an chuma seo a leanas a bheith ar theideal an doiciméid:

  • 300000 - Ann Duine.docx, or

  • Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) - Seán Ó Murchú.pdf

Má tá eolas breise uait faoi na riachtanais éagsúla, léigh Tuairim a thabhairt ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta.

Siar go clár ábhar

 

2. Conas tuairim a thabhairt

Chun tuairim a thabhairt, is féidir leat aon cheann díobh seo a dhéanamh:

Rogha 1

An Fhoirm Tuairime a íoslódáil. Tá i sé i bhfoirm Microsoft Word agus méid 109Kb ann. Beidh ort an fhoirm a líonadh isteach agus é a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word. 

Pictiúr den Fhoirm Tuairime. Má chliceálann tú ar an bpictiúr beidh tú in an cóip den Fhoirm Tuairime a íoslódáil le húsáid.

Rogha 2

Is féidir leat do dhoiciméad tuairime féin a ullmhú in ionad an fhoirm a úsáid. Mar shampla, seans gur mhaith leat tuairim a thabhairt i bhfoirm litreach i bhfoirm doiciméad Microsoft Word. Beidh ort an doiciméad a shábháil nó a scanadh i gcónaí mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF chun an t-uaslódálaí a úsáid. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 10MB).

Siar go clár ábhar

 

3. An tuairim iomlán a chur isteach ar líne

Tar éis an tuairim a chríochnú, bíodh do chárta sochair nó creidmheasa réidh agat don táille.



Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an áis “Sonraí Teagmhála” ar líne ach amháin le cur in iúl duit go bhfuarthas do thuairim/d’aighneacht ar líne. Caithfear d’ainm agus do sheoladh poist a leagan amach sa tuairim/aighneacht féin.

Ar bhfuil cabhair uait?

Siar go clár ábhar