Léim go dtí an príomhábhar

Fótagrafaíocht fhéinseirbhíse de cháipéisí ar chomhaid socruithe



Eolas Ginearálta

Nuair atá comhaid cáis socruithe á scrúdú agat tríd an Seirbhís Rochtana Poiblí atá againn, is féidir leat grianghraif dhigiteacha a ghlacadh den chuid is mó de na cáipéisí faoi choinníollacha áirithe. Maidir le cóipcheart, príobháideachas agus dlíthe cosanta sonraí, áfach, tá srianta ar na grianghraif a cheadaítear agus conas is féidir leat na grianghraif a úsáid. Tabhair faoi deara go gcaithfear grianghraif a ghlacadh ach amháin le hiad a scrúdú. Ní cheadaítear aon úsáid eile.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

Céard iad na grianghraif ar féidir liom a ghlacadh?

Is féidir grianghraf digiteach a ghlacadh d’aon cháipéis i gcomhad cáis a fhoilsíonn An Bord Pleanála nó a chuitéar chugainn seachas na rudaí atá faoi rialacha cóipchirt.


Céard iad na grianghraif nach féidir liom a ghlacadh?

Ábhair grianghraif nach cheadaítear ná:

  • Plean, líníocht, sceitse, fótamontáis ar bith den fhorbairt bheartaithe.
  • Léarscáil ar bith, le léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann san áireamh.
  • Cáipéisí nó eolas atá faoi chosaint chóipchirt.

Mura cheadaítear grianghraf a ghlacadh de rud áirithe, is féidir leat fótachóipeanna a fháil ón seirbhís Rochtana Poiblí atá againn. Mura bhfuil tú cinnte an féidir leat grianghraf a ghlacadh de rud airithe, cuir ceist ar ball foirne le tuilleadh eolais a fhail.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

 

Cóipcheart

Caithfear an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, arna leasú, a leanúint ag gach duine atá ag glacadh grianghraf tríd an fhéinseirbhís. Tá tú freagrach as na grianghraif a ghlacann tú.

Tabhair faoi deara go n-iarrfar ort foirm dearbhaithe a líonadh roimh a fheacann tú ar chomhad cáis. Dearbhaíonn an fhoirm seo nach féidir na grianghraif a ghlactar agat a úsáid ach amháin don scrúdú pearsanta agat, gan aon úsáid eile.

Ní cheadaítear grianghraf ar bith a ghlactar tríd an seirbhís seo a chóipeáil, a fhoilsiú, a roinnt, a uaslódáil, nó a chur sa réim poiblí trí mheán ar bith (le meán leictreonach san áireamh, m.sh. na meáin cumarsáide nó an idirlín). Ní oireann an teorannú seo leis an Ordú Boird, le Treoir an Bhoird nó le Tuarascáil an Chigire.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

 

Cosaint Sonraí

Tá sonraí pearsanta i gcáipéisí áirithe sna comhaid. Caithfear tabhairt faoi deara go cheadaítear grianghraif digiteacha a ghlacadh de thaifid le sonraí pearsanta ann faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Scrúdú pearsanta amháin a cheadaítear maidir le heolas a fhaightear ón mBord Pleanála a thaifeadadh ar mhaithe le lease an phobail mar a chloítear lena fheidhmeanna reachtúil.

Is ionann úsáid ar bith taobh amuigh de seo agus sárú GDPR agus ní cheadaítear eolas a chóipeáil, a fhoilsiú, a roinnt, a uaslódáil, nó a chur sa réim poiblí trí mheán ar bith (le meán leictreonach san áireamh, m.sh. na meáin cumarsáide nó an t-idirlíon), nó e a úsáid i modh neamhcheadaithe. Caithfear an t-eolas a fhaightear a chosaint agus a choimeád mar is cuí. Caithfear é a chur de láimh mar is cuí nuair nach bhfuil gá leis a thuileadh.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

 

Céard iad na gléasanna a cheadaítear?

Seo a leanas na gléasanna a cheadaítear le grianghraif digiteacha a ghlacadh:

  • Ceamaraí pearsanta
  • Fóin mhóibíleacha le feidhm cheamara
  • Ríomhairí glúine, ríomhairí láimhe nó táibléid le feidhm cheamara
  • Ceamthaifeadáin nó ceamaraí digiteacha (a fhágtar sa mód fótagrafaíochta amháin)

Ceadaítear gléasanna fad is nach gcuireann siad isteach ar bhaill eile an phobail nó ar bhaill foirne san áit. Caithfear nach gcuireann úsáid na ngléasanna sábháilteacht agus slándáil na gcomhad nó an fháiltithe i mbaol.

Go dtí nach gcuirtear isteach ar bhaill eile an phobail nó ar bhaill foirne, caithfear go bhfuil gléasanna i mód ciúin. Ní cheadaítear feidhm splaince do cheamara nó do ghléis a úsáid. Ní cheadaítear seastáin tríchosacha nó trealamh scanta ach an oiread.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

 

Conas is féidir grianghraif a ghlacadh de cháipéisí

Iarrfar ort foirm dhearbhaithe a líonadh agus a shíniú roimh a thabharfar an comhad duit. Má theastaíonn uait grianghraif a ghlacadh, is fiú cead a lorg ó bhall foirne. Seiceálfaidh an ball foirne go bhfuil an comhad i mbail chuí le grianghraif a ghlacadh. Ní cheadaítear fótagrafaíocht ar chor ar bith mura líontar agus shínítear foirm dhearbhaithe.

Ní féidir le baill foirne grianghraif a ghlacadh ar do shon.

Tabharfar an comhad duit san áit suí san fháiltiú nó sa seomra Seán MacDiarmada. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag scrúda na gcomhad chun iad a chosaint. Iarrtar ort:

  • ord na gcáipéisí a choimeád i gceart sa chomhad agus gan cáipéis a bhaint amach ón gclib atá ag coimeád na gcáipéisí le chéile.
  • an comhad a láimhsiú go cúramach.
  • gan a bheith ag luí ar an gcomhad nó aon rud a dhéanamh a dhéanfadh dochair don chomhad.
  • na leathanaigh a chasadh go cúramach ionas nach ndéantar damáiste nó a chuirtear filltíní iontu.
  • na cáipéisí a bhaint ó phúitse amháin ceann ar cheann ionas nach gcuirfear na cáipéisí trína chéile, agus aon rud a bhaintear ó phúitse a chur ar ais sa phúitse ceart.
  • gan comharthaí, nótaí nó Post-It a chur ar cháipéisí sa chomhad.
  • d’áit sa chomhad a mharcáil leis na duillíní nó ná comharthaí marcála eile a thabharfar duit.
  • gan a bheith ag ithe nuair atá tú ag féachaint ar na comhaid.

Cuir ball foirne ar an eolas má tá fadhb leis an gcomhad, mar shampla, má tá leathanach stróicthe ann nach bhfuil ceangailte leis an gclib a thuilleadh.

Chun an íomhá leathanaigh is fearr a fháil:

  • Coimeád an comhad ar an mbord agus coinnigh do cheamara nó do ghléas thar lár an leathanaigh.
  • Déan iarracht gan an solas nádúrtha nó saorga a bhlocáil. Tabhair faoi deara nach gceadaítear splanc-ghrianghrafadóireacht.
  • Bíodh do cheamara i bhfócas agat.
  • Tá feidhm ag ceamaraí áirithe grianghraif a ghlacadh de théacs – déan seiceáil le cinntiú an bhfuil sé ag do cheamara. Mura bhfuil, is féidir le zúmáil nó micrearogha cabhrú leat íomhá níos fearr a fháil.
  • Mura bhfuil tú sásta le conas a fheictear cáipéis sna grianghraif agat, is féidir leat ceist a chur ar an bhfoireann Rochtana Poiblí fótachóipeáil a dhéanamh. Beidh táillí áirithe i gceist leis an seirbhís fótachóipeála.

Níl An Bord Pleanála freagrach as caighdeán na ngrianghraf a ghlactar ag baill an phobail tríd an seirbhís seo. Tá seirbhís fótachóipeála ar fáil do bhaill an phobail atá ag iarraidh cóipeanna páipéir a fháil.

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Fáil ar fhótagrafaíocht fhéinseirbhíse agus athbhreithniú

Déanfaimid athbhreithniú leanúnach ar úsáid na fótagrafaíochta fhéinseirbhíse. Is féidir leis an mBord Pleanála cearta an phobail grianghraif a ghlacadh a theorannú, a chur ar fuaidreamh nó a bhaint ar chuid de na cáipéisí ar chomhad nó orthu ar fad gan réamhfhógra.

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

Tuilleadh Eolais

Seo hiad a leanas na dlíthe agus na rialacháin a dhéantar tagairt dóibh sa cháipéis seo:

Ar ais chuig clár na n-ábhar