Léim go dtí an príomhábhar

Ceannaire Foirne Comhshaoil

Ceannaire Foirne Comhshaoil


Is é an Coimisiún Pleanála an comhlacht reachtúil náisiúnta neamhspleách ar a bhfuil cúram cinneadh a dhéanamh ar achomhairc phleanála agus ar iarratais dhíreacha maidir le forbairtí bonneagair straitéisigh agus maidir le forbairtí eile, faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.

Tá iarratais á lorg againn ó phleanálaithe a bhfuil an taithí agus na cáilithe oiriúnacha acu le haghaidh poist mar Ceannaire Foirne Comhshaoil. Beidh an t-iarrthóir rathúil ina bhall den fhoireann ardbhainistíochta agus freagrach as foireann chomhshaoil ilchineálach d’Éiceolaithe, d’Eolaithe Comhshaoil agus de Shaineolaithe Innealtóireachta a stiúradh. Cuireann an fhoireann sin saineolas agus comhairle speisialaithe ar fáil chun seirbhís éifeachtúil agus éifeachtach don phobal a chinntiú, agus aird á tabhairt ar an straitéis eagraíochtúil agus ar na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Straitéiseach an Choimisiúin agus sa phlean gnó reatha.  Beidh sé freagrach freisin as tionscnaimh oiliúna a eagrú, as eolas a chomhroinnt agus as an dul chun cinn is déanaí ina réimse saineolais a chur in iúl, chomh maith leis an gcigireacht a threorú agus meantóireacht a dhéanamh uirthi.

Ní mór d’iarratais a bheith istigh roimh Dé hAoine 25 Meán Fómhar 2026 ag 3.00 i.n.

Leabhrán Eolais

Foirm Iarratais


Dáta deiridh: 25 / 09 / 2026   15 : 00