An Bord Pleanála Tagairt an cháis: PL07.322452
Cásuimhir an Údaráis Phleanála: 2460904
An Spidéal Thiar, Ceol Na Mara Hotel, Co. na Gaillimhe, H91 R773
Comhairle Contae na Gaillimhe
Cur síos
is é a bheidh i gceist leis an bhforbraíocht: 1. Áras dhá stór (os cionn an íoslaigh) an Óstáin agus scioból aon stór amháin a scartáil agus a thabhairt chun bealaigh maille le hoibreacha gaolmhara ar an suíomh, 2. Foirgneamh (3 Stór) maidir le húsáid mheasctha a thógáil, lena mbainfidh; a. Spás urláir tráchtála chun tosaigh (sa chuid ó dheas den fhoirgneamh) ar urlár na talún, le hoifig fáiltithe maidir le Ligean go Gearrthéarmach agus spás stórála iata do ghabhdáin dramhaíola, b.10 gcinn d'árasáin cónaithe chun cúil (sa chuid ó thuaidh den fhoirgneamh, lena n-áirítear 5 cinn d'árasáin aon seomra codlata amháin ar urlár na talún (Cineál A) agus 5 cinn d'árasáin dhá stór dhá sheomra codlata (Cineál B) ar an gcéad stór agus an dara stór. c. 8 gcinn d'aonaid tráchtála le ligean go gearrthéarmach ar an gcéad agus an dara stór chun tosaigh (sa chuid ó dheas den fhoirgneamh), lena n-áirítear 6 cinn d'árasáin dhá stór dhá sheomra codlata (Cineál C) agus dhá árasán dhá stór trí sheomra codlata (Cineál D). 3. Limistéar comhphobail spás oscailte a chur ar fáil le hionad spraoi, spás oscailte príobháideach, soilse poiblí, cóiriú garraíodóireacht crua agus bog agus athchóiriú ar ghnéithe leis na teorainneacha. 4. Spásanna páirceála do charranna, spásanna faoi leith maidir le Feithiclí Leictreacha a luchtú san áireamh, agus córas duchtála a chur chuig na spásanna uilig d'ionaid luchtaithe eile san am atá romhainn. 5. Bealach isteach leasaithe a chur ar fáil d'fheithiclí agus bealach do choisithe amach ar Bhóthar an R336 le Cósta. 6. Foirgneamh aon stór amháin a chur ar fáil maidir le rothair a stóráil chomh maith le spásanna faoin aer do rothair chuairteoirí. 7. Ceangal leis an gcóras séarachais poiblí, leis an bpríomhphíobán uisce, leis an séarach stoirme poiblí agus leis an gcóras draenála uisce dromchla, maille le hoibreacha gaolmhara ar an suíomh agus seirbhísí gaolmhara. Beidh Ráiteas Tionchair Natura á chur faoi bhráid an údaráis pleanála in éineacht leis an iarratas seo.
Cineál Cáis
Achomharc Pleanála
TMTT
Níl
RTN
Tá
Páirtithe
-
Solus Holding ULC (Applicant)
-
Solus Holdings ULC (1st Party Appellant) (Active)
-
Cois Fharraige (3rd Party Appellant) (Active)
Stair
-
06/05/2025
Lodged