Léim go dtí an príomhábhar

Ceaptar Príomh-Choimisinéir Pleanála

Ceaptar Príomh-Choimisinéir Pleanála

17 / 12 / 2025

Rinne Bord Rialaithe an Choimisiúin Pleanála Chris McGarry a cheapadh mar chéad Phríomh-Choimisinéir Pleanála an 16 Nollaig 2025 tar éis comórtas oscailte ar reáchtáil Poist Phoiblí é.
 
Dúirt Paul Reid, Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe, “Tréaslaím le Chris McGarry a cheapachán mar Phríomh-Choimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála. Faoinár struchtúir nua rialachais, stiúrfaidh Chris na Coimisinéirí Pleanála mar chinnteoirí neamhspleácha agus cuirfidh sé raon leathan saineolais leis an ról.”
 
Dúirt Peter Mullan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, “Tá Chris ag déanamh rannchuidiú ollmhór leis an eagraíocht le beagnach 7 mbliana anuas, agus fáiltím roimh a ardú céime chuig an bpost seo. Tá a fhios agam go n-oibreoidh Chris i gcomhar leis na Coimisinéirí Pleanála, le baill foirne agus leis an bhfoireann cheannaireachta chun cuspóirí feidhmíochta na heagraíochta a bhaint amach, mar atá leagtha síos ag an mBord Rialaithe.”
 
Bhí Chris McGarry ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Pleanála ón 12 Eanáir 2023 go dtí an 18 Meitheamh 2025, tráth a tháinig sé chun bheith ina Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála sa Choimisiún Pleanála. Ceapadh mar ghnáthchomhalta Boird é den chéad uair i mí Feabhra 2019. Tá taithí 35 bliana ag Chris i réimse na pleanála gairmiúla in Éirinn. Tá sé ina bhall agus ina iar-Chathaoirleach ar an Institiúid Ríoga um Pleanáil Bailte agus tá sé ina bhall d’Institiúid Pleanála na hÉireann. I measc na ról a bhí aige roimhe seo bhí an ról mar Cheann Pleanála ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Chaith sé níos mó ná 20 bliain ag obair i réimse na comhairleoireachta pleanála gairmiúla freisin. Léigh a bheathaisnéis iomlán anseo.
 
Cheap an Bord Rialaithe an Príomh-Choimisinéir Pleanála tar éis próiseas roghnúcháin ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (ailt 506 agus 508).”