Chris McGarry
Príomh-Choimisinéir Pleanála
Ceapadh Chris McGarry mar Phríomh-Choimisinéir Pleanála an 16 Nollaig 2025.Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Pleanála ón 12 Eanáir 2023 go dtí an 18 Meitheamh 2025, tráth a tháinig sé chun bheith ina Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála sa Choimisiún Pleanála.Ceapadh é mar ghnáthchomhalta Boird i mí Feabhra 2019 ar dtús. Tá taithí 35 bliana ag Chris i réimse na pleanála gairmiúla in Éirinn.Tá sé ina bhall agus ina iar-Chathaoirleach ar an Institiúid Ríoga um Pleanáil Bailte agus tá sé ina bhall d’Institiúid Pleanála na hÉireann. I measc na ról a bhí aige roimhe seo bhí an ról mar Cheann Pleanála ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Chaith sé níos mó ná 20 bliain ag obair i réimse na comhairleoireachta pleanála gairmiúla freisin. Chomh maith leis sin, thug Chris léachtaí ó am go ham ar an dlí pleanála don Teastas i gCleachtas Gairmiúil agus Taithí Phraiticiúil Ailtireachta ag Ollscoil na hÉireann. Bhí sé ina chomhalta Boird agus ina Leas-Chathaoirleach ar Chumann Tithíochta Clúid roimhe seo freisin. Sealbhaíonn Chris céim BSc (Onóracha) i bPleanáil Comhshaoil, Dioplóma Iarchéime i bPleanáil Baile agus Tuaithe, Dioplóma i mBainistíocht Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta, agus Dioplóma i Scileanna Breithiúnacha agus Cinnteoireacht Bhreithiúnach.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis an Leas-Chathaoirleach a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.”
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge