Léim go dtí an príomhábhar

Notice of significant additional information to An Coimisiún Pleanála in respect of an offshore wind energy project under reference number ABP-319866-24

Notice of Significant Further Information: North Irish Sea Array (NISA) Offshore Wind Farm (Ref: ABP-319866-24)

31 / 08 / 2026

Fógra maidir le faisnéis bhreise shuntasach a cuireadh faoi bhráid An Coimisiún Pleanála i ndáil le tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi uimhir thagartha ABP-319866-24

I gcomhréir le fo-alt 292(2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tugann An Coimisiún Pleanála fógra leis seo maidir le faisnéis bhreise shuntasach a fuarthas ó North Irish Sea Array Windfarm Limited i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe seo a leanas, ar a dtugtar Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta North Irish Sea Array (“NISA”). Ní mór táille €50 a bheith ag gabháil le haon aighneacht nó tuairim (seachas i gcás comhlachtaí forordaithe áirithe).

Ní gá do na páirtithe/daoine aonair sin a rinne aighneacht bhailí i scríbhinn leis an gCoimisiún cheana féin maidir leis an iarratas táille a íoc chun aighneacht a dhéanamh.  Ní mór don Choimisiún aighneachtaí nó tuairimí a fháil tráth nach déanaí ná an 21 Deireadh Fómhair 2026.

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith san áireamh sna haighneachtaí/tuairimí sin freisin: 
(a) ainm an duine atá ag déanamh na haighneachta nó na tuairime, ainm an duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, más ann dó nó di, agus an seoladh ar cheart aon chomhfhreagras a bhaineann leis an aighneacht nó leis an tuairim a sheoladh chuige; 
(b) ábhar na haighneachta nó na tuairime; 
(c) na cúiseanna, na breithnithe agus na hargóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe, agus iad leagtha amach ina n-iomláine.

Ní féidir leis an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar aon aighneacht nó tuairim nach gcomhlíonann na ceanglais thuas.

Leathanach an Cháis:  ABP-319866-25