Tionscadail Leasa Choitinn
03 / 03 / 2025
Ag gníomhú dó ina cháil mar Údarás Inniúil Náisiúnta, rinne an Bord Pleanála Tionscadal Stórála Fuinnimh Hidrileictrigh Bhéal Átha Gabhann, atá liostaithe mar thionscadal 1.13 ar Liosta an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Chomhleasa, a aithint an 27 Feabhra 2025 mar thionscadal atá aibí go leor chun dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna faoi Rialachán (AE) 2022/869.