Ráiteas faoi ABP-314485-22 maidir le húsáid oíche an chórais rúidbhealaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
24 / 02 / 2026
Is ionann Rialachán 598/2014 (an ‘Rialachán’) agus ionstraim de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh lena rialaítear srianta oibriúcháin a bhaineann le torann ag aerfoirt an Aontais Eorpaigh.
Trasuíodh an Rialachán i ndlí na hÉireann leis an Acht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019 (Acht 2019), rud lena ndearnadh leasuithe ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, freisin. Is é an Coimisiún Pleanála an t-údarás inniúil maidir le hachomhairc a éisteacht faoin reachtaíocht.
An 16 Iúil 2025, d’eisigh an Coimisiún Pleanála an cinneadh uaidh in ABP-314485-22 a bhaineann le húsáid oíche an chórais rúidbhealaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Amhail dá bhforáiltear leis an Rialachán agus le hAcht 2019, thug an Coimisiún Pleanála fógra don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit faoin gcinneadh uaidh. Amhail dá bhforáiltear leis an Rialachán agus le hAcht 2019 freisin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar shrian oibriúcháin beartaithe. De réir Airteagal 8(3) den Rialachán, tá an Coimisiún Eorpach tar éis fógra a thabhairt á rá nach gcomhlíonann an srian oibriúcháin beartaithe Airteagal 5(3) den Rialachán: Cinneadh C (2026) 919 críochnaitheach ón gCoimisiún
I gcomhréir leis an Rialachán agus le halt 27 d’Acht 2019, scrúdóidh an Coimisiún Pleanála an fógra ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh anois. Breithneoidh sé cé acu ba cheart nó nár cheart dó an próiseas a athoscailt agus, más rud é go gcinnfidh sé an próiseas a athoscailt, breithneoidh sé freisin cén uair ba cheart dó déanamh amhlaidh. Tabharfaidh an Coimisiún Pleanála fógra don phobal agus do na páirtithe sa chinneadh nuair a bheidh an breithniú sin críochnaithe.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge