Declan Moore
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Declan Moore mar ghnáthchomhalta den Bhord an 2 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2029. Tá cúlra fairsing ag Declan sa rialtas áitiúil, mar Chomhalta Tofa (Comhairleoir agus Bardasach), mar Stiúrthóir Seirbhísí, mar Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (áit a raibh cúraimí suntasacha tarmligthe air as pleanáil rialála agus beartais) san Astráil Theas, agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin in Victoria (an Astráil). Sealbhaíonn Declan cáilíochtaí foirmiúla in altranas míchumais, i bpaiteolaíocht urlabhra, i ngnó, i mbainistíocht sláinte, in acmhainní daonna agus in inbhuanaitheacht. Tá taithí fhairsing aige ar sheirbhísí agus cláir a sholáthar agus a bhainistiú sna réimsí seo a leanas freisin: rialtas áitiúil; oideachas; ospidéil; sláinte pobail; cúram na sean; agus míchumas.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir le haon chomhalta Boird den Bhord Pleanála a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin den Acht an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé nó sí ón dáta sin san oifig mar ghnáthchoimisinéir pleanála den Choimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin nó a ceapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge