Emer Maughan
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Emer Maughan mar ghnáthchomhalta den Bhord an 6 Eanáir 2025 ar feadh téarma cúig bliana go dtí an 5 Eanáir 2030.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Agus í ina comhalta d’Institiúid Ríoga na nAiltirí in Éirinn, sealbhaíonn Emer Maughan bunchéim san Ailtireacht (Coláiste na Tríonóide) agus céim Mháistreachta i gCórais Chomhshaoil (Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo). Is ailtire atá creidiúnaithe sa chaomhantas (G3) í, agus tá sí oilte mar Dhearthóir Passivhaus.
Sular tháinig sí isteach sa Bhord Pleanála, d’oibrigh Emer san ailtireacht i gcleachtadh príobháideach in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn araon, agus í ag plé le raon leathan tionscadal. Thosaigh sí ag tabhairt léachtaí in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (ar a dtugtar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh anois) ar bhonn páirtaimseartha ar dtús sa bhliain 2008, agus cuideachta ailtireachta agus bainistíochta tionscadal á reáchtáil aici an tráth céanna. Thosaigh sí ag tabhairt léachtaí ar bhonn lánaimseartha sa bhliain 2010, agus bhí sí ina cathaoirleach cláir ar Bhord an Chláir Teicneolaíochta Ailtireachta ón mbliain 2018 go dtí an bhliain 2022.