Léim go dtí an príomhábhar

Liam McGree

Coimisinéir Pleanála

Liam McGree

Coimisinéir Pleanála


Ceapadh Liam McGree mar ghnáthchomhalta den Bhord an 2 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2029. 
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Tá sé ag teacht isteach sa Bhord Pleanála ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, áit ar shealbhaigh sé an ról mar Phleanálaí Sinsearach ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 go dtí an lá inniu. D’oibrigh Liam freisin mar Phleanálaí Sinsearach le Comhairle Contae Chill Dara, le Tionól Réigiúnach an Deiscirt agus le Tionól Réigiúnach an Oirdheiscirt agus mar Phleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach i gComhairle Contae Cheatharlach. 
Ó mhí Aibreáin 2004 go mí Feabhra 2016, bhí Liam féinfhostaithe mar Shainchomhairleoir Pleanála agus Forbartha. Le linn na tréimhse sin, stiúir Liam foireann bhainistíochta tionscadal agus ildisciplíneach, agus é freagrach as comhordú a dhéanamh ar iarratais phleanála le haghaidh forbairtí casta mórscála, ar mheasúnuithe tionchair timpeallachta, ar achomhairc phleanála, agus ar aighneachtaí maidir le pleananna forbartha. Ghníomhaigh Liam go tráthrialta mar fhinné saineolach i gcásanna Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, i gcásanna forfheidhmiúcháin pleanála, i gcásanna dlíthíochta sibhialta agus in athbhreithnithe breithiúnacha.