Mary Gurrie
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Mary Gurrie mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála an 8 Meitheamh 2026 ar feadh téarma cúig bliana. Chuaigh Mary isteach sa Choimisiún Pleanála (an Bord Pleanála ag an am) mar Ghnáthchomhalta Boird i mí Mheán Fómhair 2024, sular aistrigh sí chuig ról an Choimisinéara Pleanála i mí an Mheithimh 2025. D’oibrigh Mary roimhe seo leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, áit ar shealbhaigh sí roinnt ról éagsúil. Áiríodh leis na róil sin an Clár Bainistíochta Uisce a bhainistiú, agus freagracht fhoriomlán uirthi as faireachán, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar cháilíocht an uisce ar fud na tíre, agus an Clár um Fhorfheidhmiú Ceadúnas Tionsclaíoch a bhainistiú, agus í ag déanamh formhaoirseacht ar an rialáil comhshaoil a dhéantar ar shaoráidí tionsclaíocha agus dramhaíola mórscála. Sealbhaíonn Mary BSc in Eolaíocht Fheidhmeach (Ceimic agus Mata) agus Dioplómaí Iarchéime in Innealtóireacht Timpeallachta, i Réiteach Coinbhleachta agus Díospóide, agus i bhForbairt agus Bunathrú Eagraíochta.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge